Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 21 Márta 1977 47 bliana d'aois An Caisleán Nua, Éire |
Teachta Dála | |
8 Feabhra 2020 – Téarma parlaiminte: 33ú Dáil Toghcheantar: Contae Luimnigh Toghadh i: Olltoghchán na hÉireann, 2020 | |
Minister of State for Tourism and Sport (en) | |
19 Bealtaine 2016 – | |
Teachta Dála | |
10 Márta 2016 – 14 Eanáir 2020 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 32ú Dáil Toghcheantar: Contae Luimnigh Toghadh i: Olltoghchán 2016 in Éirinn | |
Teachta Dála | |
9 Márta 2011 – 3 Feabhra 2016 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 31ú Dáil Toghcheantar: Luimneach Toghadh i: Olltoghchán na hÉireann 2011 | |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste na hOllscoile Corcaigh |
Gníomhaíocht | |
Gairm | polaiteoir |
Ball de pháirtí polaitíochta | Fine Gael |
Suíomh gréasáin | patrickodonovan.ie |
Is polaiteoir Éireannach de chuid Fhine Gael é Patrick O’Donovan nó Pádraig Ó Donnabháin (a rugadh ar 21 Márta 1977).
Iarmhúinteoir scoile is ea é. Bhí O’Donovan ina bhall de Chomhairle Contae Luimnigh do thoghcheantar áitiúil an Chaisleáin Nua Thiar ó 2003 go 2011.[1][2]
Bhí sé ina Theachta Dála (TD), do dháilcheantar Luimnigh, ó 2011 go 2016, agus ansin do dháilcheantar Chontae Luimnigh ó 2016 ar aghaidh.
Bhí sé ina Aire Stáit Turasóireachta agus Spóirt ó 2016 go 2017.[1]
Bhí sé ina Aire Stáit um Sholáthar Poiblí, don Rialtas Follasach, agus don ríomh-Rialtas ó 2017 go 2020.[3]
Bhí sé ina Aire Stáit ag Oifig na nOibreacha Poiblí ó Iúil 2020 ar aghaidh.
Ar 20 Nollaig 20222, ceapadh O’Donovan mar aire stáit Gaeltachta. Dúirt O’Donovan go ndúirt an Taoiseach Leo Varadkar leis go raibh “bronntanas na Nollag” aige dó, is é sin go raibh cúram na Gaeltachta á chur aige lena chúram mar aire stáit d’Oifig na nOibreacha Poiblí.
Bhí O’Donovan ar dhuine den 35 Teachta Dála a dúirt le Tuairisc sa bhliain 2020 go raibh sé ar a gcumas agallamh beo a dhéanamh leis na meáin chraolta Ghaeilge.[4] Ach nuair a ceapadh é mar aire stáit Gaeltachta a chuid Gaeilge “beagnach caillte” aige agus go raibh sé chun dul go dtí Gaeltacht Chorca Dhuibhne le tús a chur le hathfhoghlaim na teanga.[5]
I mí Eanáir 2014, theastaigh uaidh "tougher controls on the use of open source internet browsers and payment systems".[6][7]
Maireann sé i Móin Achaidh Ghae i Luimneach lena bhean Eileen agus a dtriúr páistí.