Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 20 Meitheamh 1951 72 bliana d'aois Port an Dúnáin, Northern Ireland |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil na Banríona, Béal Feirste |
Tráchtas acadúil | Processing of English text with a view to automatic speech synthesis (1986 ) |
Gníomhaíocht | |
Gairm | file, múinteoir ollscoile, scríbhneoir |
Fostóir | Ollscoil Princeton Ollscoil East Anglia Oilthigh Chill Rìmhinn |
Ball de | |
Teangacha | Béarla |
Saothar | |
Suíomh a chartlainne | |
Teaghlach | |
Céile | Jean Hanff Korelitz |
Gradam a fuarthas | |
Suíomh gréasáin | paulmuldoonpoetry.com |
File Éireannach is ea Paul Muldoon (a rugadh i bPort an Dúnáin i gContae Ard Mhacha, ar 20 Meitheamh 1951).[1] Is mar fhear litríochta ba mhaith leis an bhfile go smaoineofaí air agus bíodh is go bhfuil an cháil ar chuid dá shaothar go bhfuil sí casta, tá bua iontach simplí éifeachtach aige focail, ceol agus mothúcháin a chur le chéile chun scéal a insint, nó amhrán a rá.[2]
Trí Ghaeilge a thosaigh Muldoon ag cumadh na filíochta agus é ina ghasúr i bPort an Dúnáin.[2]
D’oibrigh Muldoon mar stiúrthóir don BBC i mBéal Feirste i rith na tréimhse ba mheasa de na Trioblóidí (1973–86), Le linn an ama seo, d'fhoilsigh sé Why Brownlee Left (1980) agus Quoof (1983).
Sa bhliain 1990, thosaigh sé ag obair mar léachtóir i Roinn an Bhéarla, Ollscoil Princeton, i Nua-Jersey sna Stáit Aontaithe. D'éirigh sé ina ollamh in 1995.
Sa bhliain 2007, cheap an iris New Yorker Muldoon mar eagarthóir filíochta.
Tá sé pósta le Jean Hanff Korelitz, úrscéalaí. Tá siad ina gcónaí i gCathair Nua-Eabhrac agus tá beirt chlainne orthu.
Tá sé soiléir ón scannán faisnéise faoina shaol, Paul Muldoon: Laoithe is Liricí, go bhfuil Gaeilge líofa aige agus go bhfuil an teanga neadaithe i gcroílár a fhéiniúlacht mar fhile, ina liricí agus sa tsamhlaíocht atá aige.
Deir Muldoon linn le bród gur as Gaeilge a thosaigh sé ag scríobh. Cé gur i mBéarla a bhain sé clú amach mar fhile is ar an nGaeilge atá sé ag iompú arís le tamall agus é ar thóir na hinspioráide.[2]
Sa bhliain 2022, roghnaíodh scannán faoi, Laoithe is Liricí le bailchríoch a chur le Féile Scannán Éireannach Londan 2022.
Is iomaí onóir atá bronnta airː