Príosún Chill Mhantáin | ||||
---|---|---|---|---|
Sonraí | ||||
Cineál | Foirgneamh | |||
Ailtire | William Vitruvius Morrison | |||
Foirgníocht | 1843 | |||
Tréith | ||||
Déanta as | slinn, eibhear, bríce, iarann teilgthe agus coincréit | |||
Stórtha os cionn talún | 3 | |||
Suíomh geografach | ||||
Limistéar riaracháin | Contae Chill Mhantáin, Éire | |||
| ||||
Suíomh gréasáin oifigiúil | wicklowshistoricgaol.com | |||
Iarsmalann i mBaile Chill Mhantáin is ea Príosún Chill Mhantáin. [1]
Tógadh príosún ar an suíomh ag deireadh an ochtú haois déag. Coinníodh príosúnaigh ann le linn Éirí Amach 1798 agus an Ghorta Mhóir.[2]
Méadaíodh an príosún sa bhliain 1822 agus arís in 1842-3, díreach in am don Ghorta.[1]
Dúnadh an príosún in 1900. Athosclaíodh é le linn Chogadh Saoirse na hÉireann agus Cogadh Cathartha na hÉireann.[1] Ar deireadh d'fhág na príosúnaigh deiridh i 1924.
Osclaíodh an músaem in 1998.
Bhí an príosún le feiceáil in Ghost Hunters International (2009).[3][4]