Purt le Moirrey

Bosca Geografaíocht PholaitiúilPurt le Moirrey

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 54° 04′ 30″ N, 4° 44′ 20″ O / 54.0749°N,4.7389°W / 54.0749; -4.7389
Spleáchas na CorónachOileán Mhanann
SheadinRosien
Parish of the Isle of Man (en) AistrighRosien Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Glaochód01624 Cuir in eagar ar Wikidata

Baile beag ar chósta theas Oileán Mhanann is ea Purt le Moirrey (Gaeilge: Port Mhuire, Béarla: Port St. Mary). De réir dhaonáireamh 2006, tá 1913 duine ina gcónaí sa bhaile.

Tá sé suite in iardheisceart an oileáin i ngar do Purt Çhiarn. Tá stáisiún traenach de chuid Iarnród Mhanann ar an taobh thiar thuaidh den bhaile.

Tá Cúrsa Gailf Phurt le Moirrey ann, an t-aon chúrsa gailf le 9 bpoll ar an oileán, chomh maith le Scoil Phurt le Moirrey, bunscoil a osclaíodh sa bhliain 1993. Tá Club Luamhaireachta Mhanann lonnaithe ansin freisin.