Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1927 An Paideac, Éire ![]() |
Bás | 15 Iúil 2016 88/89 bliana d'aois |
Chair of Old and Middle Irish in Maynooth (en) ![]() | |
1961 – 1981 ![]() | |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | An Eaglais Chaitliceach Rómhánach |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste Phádraig, Má Nuad Coláiste na hOllscoile Corcaigh ![]() |
Gníomhaíocht | |
Gairm | aistritheoir, aistritheoir an Bhíobla, teangeolaí ![]() |
Ball de | |
Teangacha | An Ghaeilge |
Sagart, duine léannta agus scríbhneoir ab ea Pádraig Ó Fiannachta (1927– 15 Iúil 2016);[1] "duine de mhórscoláirí na Gaeilge agus na hÉireann", de réir tuairisc.ie, agus "ba fhathach in iomaire an léinn, an aistriúcháin agus na foilsitheoireachta é an Monsignor Pádraig Ó Fiannachta"[2].
I mBaile Móir, sa Daingean, Co. Chiarraí a rugadh é. Cailleadh triúr dá dheartháireacha go hóg, duine acu ag aois a dhá bhliain go leith. Is amhlaidh a bádh an bheirt eile[3]. Chuir bás aathar isteach go mór air chomh maith; ní raibh seisean ach seacht mbliana is daichead d’aois nuair a cailleadh éagus d’fhág sé seachtar clainne ina dhiaidh.
Léirigh sé spéis sa tsagartóireacht óna óige[4]. Tar éis a thréimhse meánscolaíochta i gColáiste Bhréanainn i gCill Airne thug sé aghaidh ar Mhaigh Nuad. Ghnóthaigh sé céim BA sa Léann Ceilteach ann.
Ach bhuail taom tinnis é go luath ag an am céanna, B’éigean dó Coláiste Phádraig, Má Nuad a fhágáil. Tuigeadh go luath go raibh mianach an scoláire mhóir ann agus moladh dó tréimhse a thabhairt sa Bhreatain Bheag le Breatnais a fhoghlaim i gceart. Chaith sé bliain ansin ag obair ar fheirm.
Bhain sé an tArdteastas san Oideachas amach i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh agus ansin moladh dó MA a dhéanamh, rud a rinne sé. Thug Ó Fiannachta aghaidh ar an mBreatain Bheag arís. Chríochnaigh sé a chúrsa diagachta i gColáiste na Naomh Uile, mar ar oirníodh ina shagart é do dheoise Myfynwy sa Bhreatain Bheag i 1953. Thug sé sé bliana ag obair ann mar shagart agus ag múineadh i mbunscoileanna.
Ceapadh Ó Fiannachta ina léachtóir le Sean- is Meán-Ghaeilge agus Breatnais i Maigh Nuad i 1959. Ceapadh ina ollamh sna hábhair sin é i 1961, agus ina ollamh le Nua-Ghaeilge sa bhliain 1981.
Bhí sé ina shagart paróiste sa Daingean ó 1993, gar dá cheantar dúchais i gCiarraí. Bhí rud eisceachtúil é sagart a chur thar n-ais go dtí a pharóiste dúchais féin.
Craoladh clár a rinne Léargas ar an bhfear léannta seo lsan 2000idí ar RTÉ.
Ba dhuine an-intleachtúil é. Is iomaí leabhar a bhí scríofa ag an Ollamh Ó Fiannachta agus is iomaí fós leabhar a raibh baint aige leo mar eagarthóir, mar chomhairleoir agus mar fhoilsitheoir[5].
Léiríonn an chéad leabhar uaidh, Comharsa Choimhthíoch, an flosc lenar thug sé faoina dhualgais ansiúd agus an sásamh a bhain sé as úsáid na Breatnaise gach deis dá bhfuair sé.
I 1964 bhunaigh Ó Fiannachta comhlacht foilsitheoireachta, An Sagart, a bhfuil an iliomad scothleabhar curtha ar fáil faoina inphrionta. Orthu sin tá a scagadh féin ar an litríocht i saothair mar Léas ar Ár Litríocht, An Barántas, Scéalaíocht Ár Sinsear, agus an lámhleabhar gramadaí, Sean-Ghaeilge gan Dua, a chuir sé le chéile mar threoir don léitheoir ar an gcuid is seanda den litríocht.
Ceithre bliana is tríocha a thug an Ollamh Ó Fiannachta ag obair san Ollscoil na hÉireann, Má Nuad. I rith na tréimhse sin bhí sé mar Ollamh le Sean-Ghaeilge agus le Nua-Ghaeilge; d’aistrigh sé an Bíobla go Gaeilge agus d’oibrigh sé ar fhoclóir Sean-Ghaeilge.
Dúirt an scoláire cáiliúil Dáithí Ó hUaithne leis gurb í an obair is tábhachtaí a rinne sé riamh ná An Barrántas a fhoilsiú. Bailiúchán de na barrántais go léir a bhí ann.
Bhí scríofa aige mar shampla
Bhí ceithre leabhar taistil, leabhar urnaithe, agus leabhair Teagasc Críostaí, agus cláir lámhscríbhinní foilsithe aige chomh maith.
Bhí Ó Fiannachta ina
Bronnadh gradam liteartha Dhubhghlas de hÍde air sa bhliain 1969.
Foilsíodh féilscríbhinn dó faoin teideal Stair na Gaeilge: in ómós do Pádraig Ó Fiannachta (An Sagart, 1994).
Sa bhliain 1996, bhunaigh Ó Fiannachta 'An Díseart', Institiúid Oideachais agus Chultúr Dúchais, sa Daingean.
I 1966 bhunaigh an Cliarlathas Caitliceach coiste stiúrtha chun aistriúchán ar an mBíobla ó na bunteangacha go Gaeilge a sholáthar agus ceapadh Pádraig mar rúnaí ar an gcoiste le cúram an fhoilsithe air chomh maith.
Ba é a bhí ar thosach cadhnaíochta ar aistriú an Bhíobla go Gaeilge; foilsíodh i Má Nuad sa bhliain 1981 an chéad aistriúchán Caitliceach den Bhíobla ina iomláine (na leabhair Dheotracanónta san áireamh) ó na bunteangacha inar scríobhadh é.[6]
D’aistrigh sé tuairim is leath de é féin ón mbunleagan Eabhraise agus Gréigise mar aon le heagarthóireacht a dhéanamh ar an leath eile.
Tá moladh mór faighte ag caighdeán an aistriúcháin, agus níor bhréag ar bith ón gCairdinéal Tomás Ó Fiaich a rá ‘nach mbeadh sé mí-oiriúnach Bíobla Uí Fhiannachta’ a thabhairt ar an éacht aistriúcháin seo.