Páirc Fiadhúlra Fhóite | ||||
---|---|---|---|---|
Sonraí | ||||
Cineál | Zú agus eagraíocht neamhbhrabúis ![]() | |||
Foirgníocht | 1983 ![]() | |||
| ||||
Gníomhaíocht | ||||
Cuairteoirí in aghaidh na bliana | 415,200 (2022) | |||
Suíomh gréasáin oifigiúil | fotawildlife.ie | |||
Tá Páirc Fiadhúlra Fhóite[1] agus Teach Fhóite suite ag an taobh thiar den oileán Fhóite.[2] Tá an-tóir orthu mar chinn scríbe do thurais lae agus freastalaíonn bóthar agus iarnród ar an láithreán.[3]
In 2015, osclaíodh síneadh seacht n-acra fhichead. Síneadh d'ainmhithe as an Áis atá sa bhforbairt, áit a bhfuil cuid de na speicis is mó atá i mbaol ar domhan le feiscint ann, an Tíogair Sumatrach, an Srónbheannach Indiach, fianna agus muca ina measc.[4]
Rugadh an tíogar Sumatrach deireanach in Éirinn i bPáirc Dhúlra Fhóite sa bhliain 2019
In 2024, bhí tíogar Sumatrach darb ainm Dao tagtha go Páirc Dhúlra Fhóite i gContae Chorcaí, agus dhá bhliain d’aois air. Cuireadh Dao le chéile le tíogar baineann darb ainm Jambi in iarracht an speiceas a chaomhnú.[5]
Tháinig sé chun solais sa bhliain 2024 go ndearnadh cibirionsaí ar shuíomh gréasáin Pháirc Fiadhúlra Fhóite. Goideadh sonraí daoine a rinne íocaíochtaí ar shuíomh gréasáin na páirce.[6]