Páirc na Móna | ||||
---|---|---|---|---|
Suíomh | ||||
| ||||
Stát ceannasach | an Ríocht Aontaithe | |||
Comhthír na Ríochta Aontaithe | Albain | |||
Limistéar comhairle in Albain | Cathair Ghlaschú | |||
Aitheantóir tuairisciúil | ||||
Cód poist | G52 |
Is ceantar í Páirc na Móna (Gaeilge na hAlban: Pàirc na Mòna) sa chathair Albanach Glaschú. Tá sí suite ar taobh theas na Cluaidhe, in iardheisceart na cathrach.
Tagadh Páirc na Móna agus na tailte de Bhaile Hánraí Thoir agus Lár Bhaile Hánraí le chéile le Cathair Ghlaschú sa bhliain 1909. Shíneadh siad thar thalamh feirme 72 heicteár agus músclóidh a gceannach le riachtanas pobail nua a fhorbairt ar imeall na cathrach chun plódú clúiteach na cathrach a chuidiú. Thar aon rud eile, ba an Chéad Chogadh Domhanda a bhí ríthábhachtach chun áit ceannródaíoch Pháirc na Móna a chinneadh i bpleananna tithíochta Bhardas Chathair Ghlaschú. I 1919, rinne reachtaíocht nuálach éigeantach d'údaráis áitiúla scéimeanna tithíochta pleanáilte a chur i bhfeidhm, le taca fhochomhlachtaí. De bharr sin, rinneadh forbraíocht ab uaillmhianaí de chuid Bhardas Chathair Ghlaschú i dtréimhse díreach i ndiaidh an Chogaidh de Pháirc na Móna.
Bhí dlús tithíochta agus an t-uafás spásanna glasa bunaithe ar Raymond Unwin agus Gluaiseacht Chathrach Ghairdíní. Tá an ceantar beagnach ar leith sna ceantair mhórthimpeall lena chuid sráideanna a bhfuil crainn ar gach taobh de agus a bhúlbhaird ag síneadh ó cheann go ceann eile, ag pointe is faide ó thuaidh an cheantair. Go hiomlán cónaithe, bhí sé beartaithe go gcruthódh suíomh glas agus leath-thuaithe na scéime rogha eile ní ba shláintiúla in ionad tírdhreach thionóntán traidisiúnta na cathrach, agus a bhíodh comhchiallach le meathlú uirbeach.
Thóg comhlacht MacTaggart agus Mickel an fhorbraíocht de 1500 tithe agus bhreathnaítí ar an eaglais áitiúil mar ais tábhachtach. Tosaíodh a tógáil ag Céide na hEaglaise Fuinseoige i 1927 agus críochnaíodh í dá bhliain i ndiaidh sin. Cé go raibh árasáin i bpleananna Pháirc na Móna, ba teachíní, tithe leathscoite agus sraith-tithe le gairdíní thart timpeall orthu iad dhá thrian den stoc tithíochta. Tógadh na tithe cónaithe ar ardchaighdeán le neart fairsinge sna seomraí agus áiseanna nua-aimseartha iontu, an foinse fuinnimh glan nua san áireamh, leictreachas. Chuaigh leithdháilte na dtionóntachtaí go daoine “proifisiúnta” nó “sciliúil” den chuid is mó agus bhíodh sé aon de na ceantair a ba tharraingtí do tionóntaí an Bhardais.
Tháinig carachtar eisiach an cheantar go barr mar de ghnáth, cha raibh sé cost-éifeachtúil don Bhardas chun forbraíochtaí measúla ísealdlús den leithid a thógáil, go háirithe nuair a bhí cúlú eacnamaíochta mar a bhí sna blianta idir an dá Chogadh Domhanda. Dá bharr sin, bhí Páirc na Móna ina taispeántas de nua-phleanáil i nGlaschú, ach ní bheadh sí ina treoir-phlean inmharthana do straitéis tithíochta fadtéarmach an Bhardais. Tógadh scéimeanna den sórt céanna mar Choille an Ridire, ach athraíodh an treoir-phlean go ábhair tógála ní ba shaoire, baineadh na tinteáin amach as na seomra leapa agus ní brice iad tuilleadh na ballaí taobh istigh.
Tá Páirc Bhaile Úisdean suite ar an taobh thuaidh den cheantair agus tá líne iarnróid Chanáil Pháislig, atá ina teorainn le Cnoc Corcra, ar an taobh theas. Go haisteach, is é Cnoc Corcra an stáisiúin traenach is gaire agus tá stáisiúin Pháirc na Móna suite sna ceantair in aice leis, Cathair Dhomhnaill Theas agus Pollag Thuaidh.
In ainneoin a mhéid beag, tá neart áiseanna ag an cheantar, eaglais, bunscoil, club babhláil, roinnt maith siopaí ina measc, chomh maith le páirc bheag os comhair na páirce i bhfad níos mó, Páirc Baile Úisdean. Níl teach tábhairne ar bith i bPáirce na Móna agus tá an ceann is gaire, Beár Bhealach na Páirce, suite i dTeach Leith Bhealach.
Mall sa bhliain 2017, dúnadh paróiste áitiúil Eaglais na hAlban agus cumascadh an chuallacht le ceann eile i mBothán Phollaig agus rinneadh Eaglais Sherbrooke-Páirc na Móna. Ghlac Crann Ghlaschú Shéipéil Bhíobla an Fhómhair ceannas ar an fhoirgneamh liostaithe de catagóir B, agus d'athchóirigh iad é.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |