An Rabharta Glas | |||||
|
|||||
Mana | "Comhshaol agus Comhionannas" | ||||
---|---|---|---|---|---|
Sonraí | |||||
Cineál | Páirtí polaitíochta | ||||
Idé-eolaíocht pholaitíochta | glas, sóisialach | ||||
Ailíniú polaitíochta | eite chlé ![]() | ||||
Tír bhunaidh | Éire | ||||
Stair | |||||
Dáta a bunaíodh | 5ú Meitheamh 2021 | ||||
Bunaitheoir(í) | Lorna Bogue, Liam Sinclair, srl. | ||||
Rialachas corparáideach | |||||
Stiúrthóir/bainisteoir | Lorna Bogue | ||||
Duine ábhartha | Barry O'Donovan, John Paul Murphy, Laura Keyes, Liam Sinclair | ||||
Eile | |||||
Dath | ![]() | ||||
Suíomh gréasáin | rabharta.ie ![]() | ||||
Is mionpháirtí polaitíochta Éireannach é Rabharta[1][2][3][4] (nó An Rabharta Glas – An Chlé Ghlas mar a bhí roimhe seo),[5] a sheol iarbhaill den Chomhaontas Glas ar an 5ú Meitheamh 2021. Déantar cur síos orthu mar "éicea-shóisialaithe".[6] In Olltoghchán 2024 tá siad ag seasamh iarrthóirí i gCorcaigh, i mBÁC, agus sa Chlár.[7][8][9]
Is páirtí glas den eite chlé é Rabharta,[3] a thugann "éicea-shóisialaigh" orthu féin. Is é a ráiteas misin ná “an córas polaitiúil a athchruthú ionas go bhfreastalaíonn sé ar dhaoine agus ar nádúr, ní ar bhrabús agus ar eastóscadh”.[6] Tá sé ráite ag an bpáirtí go bhfuil siad i bhfabhar idirghabháil stáit sa gheilleagar chun cosaint a thabhairt i gcoinne “leasanna dílsithe”.[3] Maidir le táirgeadh bia, tá sé amuigh ar an bpáirtí go bhfuil siad i bhfabhar "díchorprú" agus dícharbónú.[3]
Deir ceannaire an pháirtí go bhfuil rialú cíosa ina dlúthchuid de pholasaí an pháirtí.[10]
Dúradh ag agóid ag Aerfort na Sionainne in 2024 gur chóir "Stát Iosrael a leithlisiú ar fad agus go gcuirfí smachtbhannaí i bhfeidhm láithreach."[11]
Is é is ciall le "rabharta" ná
"an taoide a tharlaíos leis an nua-ré is an lán-ré nuair is sia óna chéile rian lán mara is rian lag trá;
raidhse, iomad, flúirse, fleá;
Bhíothas ag caint faoi "rabharta glas" maidir le hOlltoghchán 2020 tar éis agóidíocht Ghreta Thunberg agus an práinn a bhaineann leis an gcliseadh aeráide.[14]
Seoladh an páirtí ar an 5ú Meitheamh 2021 mar ‘An Rabharta Glas – Green Left’. Is iad iarchomhaltaí den Chomhaontas Glas a bhunaigh é, tar éis dóibh éirigh as mar agóid mar gheall ar cheisteanna áirithe in 2020 agus 2021, lena n-áirítear láimhseáil Roderic O’Gorman ar thuarascáil an Choimisiúin Imscrúdaithe um Thithe Máithreacha agus Leanbh mar Aire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Comhtháthú agus an Óige, agus easaontas faoin gclár rialtais.[6]
Tuairiscíodh go raibh tuairim is 30 ball acu in am a seolta,[6] agus toghadh Lorna Bogue mar cheannaire páirtí ag céad cruinniú cinn bhliana an pháirtí.
Ag an seoladh, bhí beirt chomhairleoirí acu, a toghadh roimhe sin mar chomhaltaí den Chomhaontas Glas — Lorna Bogue ar Chomhairle Cathrach Chorcaí, agus Liam Sinclair, ar Chomhairle Contae Átha Cliath Theas. I Meitheamh 2024, ní raibh aon ionadaíocht tofa acu.
I mí na Bealtaine 2023, d’fhógair Bogue go mbeadh sí ag rith i dtoghchán Pharlaimint na hEorpa 2024 mar iarrthóir an pháirtí i ndáilcheantar an Deiscirt.
I mí na Samhna 2023, d’éirigh Liam Sinclair, comhairleoir de chuid an pháirtí ar Chomhairle Contae Átha Cliath Theas, as a shuíochán mar gheall ar chúinsí fostaíochta.[15] Laghdaigh sé seo ionadaíocht an pháirtí ar rialtas áitiúil go suíochán amháin mar go raibh an ceart ag an gComhaontas Glas ionadaí a ainmniú in áit Shinclair, toisc gur mar iarrthóir de chuid an Chomhaontais Ghlais a toghadh é an chéad lá.[16]
I mí Aibreáin 2024, bheartaigh an Coimisiún Toghcháin Rabharta a chlárú mar pháirtí chun dul san iomaíocht i dtoghcháin áitiúla ar fud na dtoghchán stáit agus Pharlaimint na hEorpa sna toghcheantair Baile Átha Cliath agus An Deisceart. Bhí an cinneadh seo faoi réir tréimhse achomhairc 21 lá áfach, agus ní raibh sé i bhfeidhm roimh na toghcháin áitiúla, Eorpacha, agus méarachta do Luimneach i Meitheamh 2024, agus bhí ar na hiarrthóirí rith mar neamhspleáigh.[5]
I mí an Mheithimh 2024, chuaigh rogha iarrthóirí san iomaíocht ar son an pháirtí sna toghcháin áitiúla, sna toghcháin Eorpacha agus i dtoghchán méarachta Luimnigh.[1][17][18] Níor atoghadh Bogue chuig Comhairle Cathrach Chorcaí agus cuireadh as an áireamh í sa naoú comhaireamh sna toghcháin Eorpacha d’Éirinn Theas.[19][20] Toisc nár éirigh le haon duine d’iarrthóirí Rabharta, fágadh an páirtí gan aon ionadaíocht tofa.
Tá triúr iarrthóirí ón pháirtí ag seasamh in olltoghchán 2024:
Toghchán | Ceannaire | Vótaí Céadrogha |
% | Suíocháin | +/− | Grúpa EP |
---|---|---|---|---|---|---|
2024 | Lorna Bogue | 11,302 | 0.65 (#13) | 0 / 14 |
Nua | − |