Rann na Feirste | ||||
---|---|---|---|---|
Suíomh | ||||
| ||||
Stát ceannasach | Éire | |||
Cúige Éireannach | Cúige Uladh | |||
Contae in Éirinn | Contae Dhún na nGall | |||
Daonra | ||||
Iomlán | 319 (2006) | |||
Aitheantóir tuairisciúil | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | ||||
Logainm.ie | 14525 |
Is ceantar i bparóiste Anagaire in iarthar Dhún na nGall i bPoblacht na hÉireann í Rann na Feirste[1] (seanainm: "Ceann Dubhrann"; Béarla: "Ranafast" nó "Rinnafarset"). Tá sí suite sna Rosa. Bhí cónaí ar 309 nduine i Rann na Feirste sa bhliain 2016.[2]
Maireann an Ghaeilge go fóill mar phríomhtheanga an cheantair Gaeltachta seo. I ndaonáireamh 2016 dúirt 90.4% de mhuintir Rann na Feirste go bhfuil Gaeilge acu agus dúirt 83.1% den daonra go labhraídís Gaeilge achan lá. Ar theacht an tsamhraidh 'chuile bhliain téann a lán scoláirí go Coláiste Bhríde (a bogadh chun an cheantair sa bhliain 1926 ó Ó Méith) leis an Ghaeilge a fhoghlaim agus aithne a chur ar an chultúr Gaelach. Nuair a bhíonn siad ann, fanann siad le teaghlaigh áitiúla. Bhí ceangal láidir ag an choláiste le oirthear Chúige Uladh mar gheall ar an bhaint a bhí ag an Athair Lorcán Ó Muirí le bunú an choláiste. Scaip an tAthair Ó Muirí, agus sagairt agus tuataigh eile ar nós Tomás Ó Fiaich cáil Rann na Feirste ar fud na hÉireann agus bhí iomrá ar scríbhneoirí agus seanchaithe an cheantair.
I measc mhuintir na háite a bhfuil clú agus cáil orthu, tá na scríbhneoirí Séamus Ó Grianna agus Seosamh Mac Grianna, na seanchaithe Micí Sheán Néill agus Neidí Frainc agus ceoltóirí go leor, go háirithe clann Uí Dhomhnaill (Mícheál, Tríona, Mairéad a bhí sa ghrúpa Skara Brae agus a n-uncail Condaí Mhicí Hiúdaí.
Tá tógáil ar siúl ar ionad pobail i Rann na Feirste faoi láthair.
Déantar cur síos ar athruithe ins an daonra ins na blianta anuas ins an tábla seo thíos:[2][3]
Bliain | Daonra | Athrú | Athrú, % |
---|---|---|---|
2006 | 318 | - | - |
2011 | 352 | +34 | +10.3% |
2016 | 309 | -43 | -12.2% |