Buneolas | |
---|---|
Stiúrthóir | Alex Cox |
Príomhcharachtair | |
Léiriú | Michael Nesmith, Peter McCarthy agus Gerald Olson |
Script | Alex Cox |
Ceol | Tito Larriva |
Grianghrafadóireacht | Robby Müller |
Dáileoir | Universal Pictures |
Mionsonraí | |
Tír bhunaidh | Stáit Aontaithe Mheiriceá |
Céadléiriú | 2 Márta 1984 |
Fad ama | 92 min agus 88 min |
Bunteanga | Béarla (go príomha) |
Suíomh scannánaíochta | Los Angeles |
Dath | daite |
Buiséad | 1,500,000 $ |
Cur síos | |
Seánra | scannán ficsin eolaíochta, scannán grinn ficsin eolaíochta, scannán grinn, scannán aicsin agus scannán ficsean eolaíochta ealaíne |
Rátáil MPAA | R |
Príomhábhar | Reaganomics, tomhaltachas, ficsean céadteagmhála agus bailiú fiach |
Taispeánann sé/sí | fochultúr punc |
Suíomh scéalaíochta | Los Angeles |
Socraithe sa tréimhse | 1980idí |
Suíomh gréasáin oifigiúil | alexcox.com… |
Scannán dúghrinn ficsin eolaíochta Meiriceánach is ea Repo Man a tháinig amach sa bhliain 1984. Scríobh agus stiúraigh Alex Cox é, a chéad scannán mar stiúrthóir. Ba le Harry Dean Stanton agus Emilio Estevez na príomhpháirteanna, le Tracey Walter, Olivia Barash, Sy Richardson, Vonetta McGee, Fox Harris, agus Dick Rude i measc na foirne tacaíochta. Baineann an plota le punc-racaire óg (Estevez) i Los Angeles atá earcaithe ag gníomhaireacht athshealbhaithe gluaisteán agus atá tarraingthe isteach i dtóraíocht Chevrolet Malibu mistéireach a d'fhéadfadh a bheith ceangailte le neacha eachtardhomhanda. Is aoir é ar an tomhaltachas, ar an Ré Adamhach, agus ar na Stáit Aontaithe faoi rialtas Reagan.
D'fhorbair Cox Repo Man i gcomhar le comhchéimithe dá chuid ó scoil scannánaíochta UCLA, Jonathan Wacks agus Peter McCarthy. Fuair Cox a chuid inspioráide óna thaithí féin ag obair leis an ngníomhaire athshealbhaithe Mark Lewis. Ceapadh Repo Man mar “scannán bóthair” ar dtús, ach d'athscríobh Cox an scéal le bheith ar siúl go príomha i gcathair Los Angeles féin chun é a chur i gcrích laistigh dá bhuiséad teoranta. Tháinig Michael Nesmith (iarbhall de The Monkees) ar bord an tionscadail mar léiritheoir feidhmiúcháin, agus bhain sé amach comhaontú le Universal Pictures. Rinneadh an phríomhghrianghrafadóireacht i rith samhraidh 1983. Spreag Cox tobchumadh ón bhfoireann agus bhí difríocht shuntasach idir deireadh an scannáin agus an méid a scríobhadh ar dtús sa script.[1][2][3] Aithnítear an fhuaimrian, a bhfuil príomhthéama le Iggy Pop air, mar léargas ar phunc crua na 1980idí.[4] Bhí Cox ag iarraidh go gcuirfeadh an ceol béim ar shaol na bhfear athshealbhaithe.[4][5]
In ainneoin trioblóidí nuair a eisíodh Repo Man i dtús báire mar gheall ar amhras Universal ar indíoltacht an scannáin, moladh go hard na spéire é, agus mheas léirmheastóirí go raibh sé ar cheann de na scannáin is fearr i 1984.[6][7] D'fhás saghas cultais bunaithe ar an scannán ó shin i leith, go háirithe ar an leagan atheagarthóireachta den scannán a rinne Cox don teilifís mar gheall ar an dubáil osréalach a cuireadh in áit na mionnaí móra (“melon farmer!”, srl.).[2] Foilsíodh scéal leantach bunaithe ar script le Cox nach raibh léirithe riamh, Waldo's Hawaiian Holiday, mar úrscéal grafach in 2008, agus eisíodh “comharba spioradálta”, Repo Chick, in 2009.