(2023) | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 29 Lúnasa 2002 22 bliana d'aois Baile Átha Cliath, Éire |
Gníomhaíocht | |
Gairm | lúthchleasaí |
Tír spóirt | Éire |
Spórt | lúthchleasaíocht |
Disciplín spóirt | 200 méadar 400 méadar |
Ghlac sé/sí páirt i | |
2024 | Athletics at the 2024 Summer Olympics – women's 400 metres (en) |
2018 | 2018 IAAF World U20 Championships – women's 200 metres (en) |
2018 | 2018 European Athletics U18 Championships (en) |
Is rábálaí Éireannach í Rhasidat Adeleke a rugadh ar 29 Lúnasa 2002.[1][2] Bhain sí curiarracht náisiúnta amach nuair a chríochnaigh sa rás 400m sa bhliain 2022.[3] Tá boinn óir buaite aici i gCraobhacha Faoi 20 na hEorpa sna rásaí 100m agus 200m.[4]
Bhuaigh Adeleke bonn airgid sa rás sealaíochta 4 x 100m le Molly Scott, Gina Akpe-Moses, Ciara Neville agus Patience Jumbo-Gula ag Craobhchomórtas Domhanda i Tampere, an Fhionlainn sa bhliain 2018[5][6] agus bonn óir sa 200m ag Craobhchomórtas Lúthchleasaíochta na hEorpa 2018 i Győr, an Ungáir.[7][8]
Sa bhliain 2021 bhuaigh Adeleke an rás 100m agus an rás 200m araon ag Craobhchomórtais na hEorpa i Tallinn na hEastóine agus ba sheaimpín náisiúnta í mar thoradh.[9][10][11][12] Thosaigh sí ag freastal ar scoláireacht ar Ollscoil Texas chomh maith.
I mí Lúnasa 2022, bronnadh an cúigiú háit uirthi i gcluiche ceannais 400m ag Craobhchomórtais Lúthchleasaíochta na hEorpa nuair a bhain sí curriarracht náisiúnta amach le 50.53 soicind.[13][14][15][16][17]
I mí an Mheithimh 2023, 49.20 soicind a thóg rása 400m i Texas – an chéad uair ariamh ag bean as Éirinn a bheith faoi bhun 50 soicind.[4]
Ansin bhuaigh Adeleke an bonn airgid i gcomórtas 400m na mban sa Chraobhcomórtas Lúthchleas Coláiste Náisiúnta Laistigh, i Stáit Aontaithe Mheiriceá. Chríochnaigh sí in am 50.45 soicind, 0.12 soicind níos moille ná an churiarracht Éireannach a bhain sí amach i mí an Mheithimh.[19]
Sa bhliain 2023, bhí dóchas ollmhór ag Adeleke bonn a thabhairt abhaile ón Chraobhchomórtais Lúthchleasaíochta an Domhain, 2023. Ach tháinig sí isteach sa 4ú háit.[18]
In 2023, b'í an séú bean is gasta ar domhan ar an achar sin agus an 23ú bean is tapúla sa 200m.[4]
D’éirigh le Adeleke bonn airgid a bhuachan sa rás 400 méadar i gCraobh Lúthchleasaíochta na hEorpa 2024 sa Róimh.[20] Ba é an bonn a bhuaigh sí an chéad bhonn sinsir aonair a bhuaigh Adeleke d’Éirinn agus díreach an 20ú ceann riamh atá buaite ag an tír seo tar éis beagnach 100 bliain de na craobhacha. Ach ba léir go raibh díomá uirthi nach raibh ach bonn airgid buaite aici sa chomórtas 400m. Bheadh an 49.07 soicind a thóg sé ar Adeleke an 400m a rith sách maith chun bonn airgid a bhuachan ag na Cluichí Oilimpeacha i dTóiceo agus bonn óir a bhuachan ag chuile Chluichí Oilimpeacha eile idir 2000 agus 2016.[21]
Agus bhuaigh ceathrar Éireannach an bonn óir sa rás sealaíochta 4 x 400 méadar. Chris O'Donnell, Rhasidat Adeleke, Thomas Barr agus Sharlene Mawdsley.[22]
Rugadh Adeleke i mBaile Átha Cliath sa bhliain 2002. Is as an Nigéir dá tuismitheoirí, Ade agus Prince Adeleke.[6] Bhuaigh an rás 100m agus an rás 200m ag craobh na hÉireann fad is a bhí sí ag freastal ar Choláiste na Toirbhearta, Tír an Iúir.[6][23]
Is ball de Chlub Lúthchleasaíochta Thamhlachta í.[23][6][24]