Sonraí | |
---|---|
Cineál | rialtas |
Stair | |
Dáta a bunaíodh | 16 Eanáir 1922 |
Dáta díscaoilte, díothaithe nó scartáilte | 5 Nollaig 1922 |
Bunaíodh Rialtas Sealadach na hÉireann ('Provisional Government of Ireland') in Eanáir 1922 faoi stiúir Mhíchíl Uí Choileáin. Rialtas idirthréimhseach a bhí ann. Ach ba chéim mhór í seo i dtreo an neamhspleáchais agus bunú Shaorstát Éireann níos déanaí sa bhliain 1922. Tháinig deireadh leis an Rialtas Sealadach ar 5 Nollaig 1922 agus bunaíodh Saorstát Éireann ar 6 Nollaig 1922.
Ar 14 Eanáir, tháinig an sciar de Shinn Féin, a bhí ar son an Chonartha, i gcumhacht agus cuireadh an Rialtais Sealadach le chéile.[2] Bhí Síníodh an Conradh Angla-Éireannach ar an 6 Nollaig 1921, chun teacht i bhfeidhm bliain amháin níos déanaí (ar an 6 Nollaig 1922) agus rialtas idirthréimhseach a bheith ann idir an dá linn.
Ar 7 Eanáir 1922, glacadh leis an gConradh Angla-Éireannach sa Dáil, ar son 64, in aghaidh 57, tar éis mí tréandíospóireachta, agus roinnt babhtálacha teasaí le linn na ndíospóireachtaí,
Ar 9 Eanáir, sheas Eamon de Valera síos mar “Uachtarán ar an Phoblacht” (leigh an méid a dúirt sé sa Dail ar an lá sin anseo[1]).
Ar 10 Eanáir, toghadh Art Ó Gríofa mar “phríomh-aire” ar Dháil Éireann.
Ar 14 Eanáir, tháinig an sciar de Shinn Féin, a bhí ar son an Chonartha, i gcumhacht agus cuireadh an Rialtais Sealadach le chéile.[2] Bhí Mícheál Ó Coileáin ina Chathaoirleach agus ina Aire Airgeadais araon sa Rialtas nua.
Ar an 16 Eanáir 1922 ag 1.45 i.n., thug Fear Ionaid Dheireanaigh an Rí in Éirinn cumhacht agus Caisleán Bhaile Átha Cliath féin don Rialtas Sealadach nua go foirmiúil.[3] Tháinig deireadh le riarachán na Breataine. Bhailigh Michael Collins ansin eochracha Chaisleán BhÁC agus ghlac arm na hÉireann seilbh fhoirmiúil ar an gCaisleán. Níor mhair an searmanas ach 45 nóiméad.[4]
Ba shiombail de chumhacht na Breataine in Éirinn é an Caisleán ar feadh beagnach 700 bliain agus ba imeacht ríthábhachtach agus siombalach é aistriú an Chaisleáin chuig fórsaí an Stáit nua.
An mhí dár gcionn, thosaigh na focail “Rialtas Sealadach na hÉireann 1922” a bheith clóite ar stampaí poist de chuid na Breataine.
Tháinig deireadh leis an rialtas idirthréimhseach ar 5 Nollaig 1922 agus bunaíodh Saorstát Éireann ar 6 Nollaig 1922, i ndiaidh shíniú an Chonartha Angla-Éireannaigh. Síníodh an Conradh ar an 6 Nollaig 1921 agus tháinig sé i bhfeidhm bliain amháin níos déanaí, ar an 6 Nollaig 1922.
Mhúnlaigh an t-aistriú cumhachta seo agus imeachtaí 1922 ina dhiaidh sin tírdhreach polaitiúil an Stáit ar bhealach suntasach.[4] Tháinig Cogadh na gCarad a thosaigh tamaill ina dhiaidh sin salach ar an imeacht seo i gcuimhne an phobail.