Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 10 Eanáir 1833 Llanbryn-mair, Wales |
Bás | 14 Iúil 1877 44 bliana d'aois an Bhreatain Bheag, Ríocht Aontaithe |
Áit adhlactha | an Bhreatain Bheag |
Faisnéis phearsanta | |
Gníomhaíocht | |
Gairm | file |
Ainm cleite | Mynyddog |
Teangacha | Béarla |
File, amhránaí, agus stiúrthóir eisteddfod a raibh an-tóir air ba ea Richard Davies (ainm cleite: Mynyddog) (10 Eanáir 1833 – 14 Iúil 1877), a rugadh i Llanbrynmair, Sir Drefaldwyn. Is é údar na liricí leis an gceoldráma móréilimh 'Blodwen' agus amhráin ar nós 'Gwnewch Bopeth y Gymraeg', 'Pistyll y Llan' agus 'Myfanwy '.
Rugadh Mynyddog i dteach a thuismitheoirí ar fheirm "y Fron", [1]Llanbryn-mair, sa bhliain 1833. Chaith sé a óige ag feirmeoireacht ar fheirm an teaghlaigh agus ag aoire ar chnoic Llanbrynmair. Cuid lárnach dá shaothar ab ea an saol amuigh faoin aer i measc ghlóir an dúlra agus an chumann dlúth Bhreatnaise a chothaigh sé i sráidbhailte beaga tuaithe Maldwyn agus Meirionnydd. Ní mheastar gur file iontach é.
Ba fhile móréilimh é Mynyddog ina ré i measc an phobail, amhail Ceiriog a bhí chomhaimseartha leis. Bhí sé ina iomaitheoir go minic ag an Eisteddfod, sa mhéadair clasaiceach agus nua - aimseartha, agus b'fhéidir gur ghlac se a ainm ainm cleite, Mynyddog, ó Newydd Fynyddog, cnoc in aice lena bhaile. Ní raibh aon fhiúntas ar leith ina chuid oibre sna méadair chlasaiceacha, ach bhí an - tóir ar a chuid liricí. Bhí siad ceolmhar, neamhshofaisticiúil, a dhéileáil leis an sólás agus le cora casta an tsaoil a bhí ag an gcosmhuintir, baois an uabhair, agus áiféis na fimíneachta. Chan sé na hamhráin seo ag ceolchoirmeacha fud fad na Breataine Bige, agus é á thionlacan féin ar armóin bheag.