Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1873 Caerdydd, Wales |
Bás | 1959 85/86 bliana d'aois Hayle, England |
Áit adhlactha | Corn na Breataine |
Grand Bard (en) | |
1934 – 1959 ← Henry Jenner – Ernest George Retallack Hooper (en) → | |
Gníomhaíocht | |
Gairm | teangeolaí, scríbhneoir |
Ball de | Gorsedh Kernow (1928–) |
Teangacha | Béarla agus an Choirnis |
Bhí Robert Morton Nance (1873 - 1959) ina phríomhshaineolaí ar an gCoirnis, ina sheandálaí farraige, agus ina chomhbhunaitheoir ar an gcumann Kernow Goth (Gaeilge:An tSean-Chorn).
Scríobh Nance go leor leabhar agus paimfléad ar an gCoirnis, lena n-áirítear foclóir Coirnise, ar saothar caighdeánach é, agus chuir sé in eagar irisí agus paimfléid faoi Chorn na Breataine, ina measc Kernow Goth, iris Chónaidhm na Sean-Chumann Coirnise (Béarla: Federation of Old Cornwall Societies). Bhí Nance ina sheandálaí farraige clúiteach freisin agus ba bhunaitheoir é den Chumann um Thaighde Mara (Society for Nautical Research). Bhí a léargas agus a fhoghlaim ar taispeáint ina leabhar Sailing-ship Models a foilsíodh i 1924. Rinne sé staidéar ar ealaín sa Bhreatain agus sa Fhrainc agus ba phéintéir agus ceardaí oilte é araon.
"My own interest in Cornish came, I expect, from my father's comparison of Cornish names with Welsh, of which he knew a little, having had at least enough interest in it to get a dictionary and grammar."[1]
Sa bhliain 1898, scríobh Robert Morton Nance "The Merry Ballad of the Cornish Pasty".[2]
Sa bhliain 1904, thosaigh Nance i mbun staidéir ar an gCoirnis ón leabhar A Handbook of the Cornish le Henry Jenner, cé go mbeadh sé ag stiúradh athbheochan na teanga i dtreo na Coirnise meánaoisí ina dhiaidh sin.[3]
...even the Handbook did not get me to the stage of attempting to write or speak the language, as the projected book of exercises might have done had it been printed. If I could puzzle out such things in Cornish as were printed in a Penzance newspaper that seemed enough.[4]
Thosaigh sé ag scríobh agus ag léiriú filíochta don Cornish Magazine le Arthur Quiller-Couch .[4]
Sa bhliain 1909, bhuail Nance agus Jenner le chéile in Aberfal le linn do Nance bheith i mbun taighde don leabhar A Glossary of Cornish Sea Words (foilsithe tar éis a bháis mar imleabhar cuimhneacháin i 1959). Rinneadh cairde díobh agus chaith siad an chéad deich mbliana eile ag déanamh taighde ar an gCoirnis agus ag bailiú blúirí den Choirnis thraidisiúnta. Foilsíodh iad seo i sraith páipéar a léadh d’Institiúid Ríoga an Choirn agus do Chumann Polaiteicnice Ríoga an Choirn araon.[5]
Sa bhliain 1920, bhunaigh Jenner agus Nance an chéad Old Cornwall Society i bPorth Ia. Ba é a mhana ná "Cuntelleugh an Brewyon us Gesys na vo Kellys Travyth" ("Cruinnigh sibh na blúirí atá fágtha, nach gcaillfear aon ní".). Faoin mbliain 1924, bhí a dhóthain Old Cornwall Societies bunaithe chun cónaidhme a chur ar bun, le Jenner mar uachtarán uirthi agus Nance mar thaifeadtóir.[5] Bhunaigh an Chónaidhm an tréimhseachán Kernow Goth (nó Old Cornwall). sa bhliain 1925 .
Sna 1920idí go circa 1940 ba ghnách le Nance agus ASD Smith úsáide a bhaint as saothair Edward Lhuyd agus Whitley Stokes, chomh maith le gramadach na Briotáinise, chun ceist na comhréire agus na gramadaí i gCoirnis a réiteach..[5]
Sa bhliain 1928, ar an 21 Meán Fómhair, bhí Nance, Jenner agus daoine eile ag freastal ar an gcéad Gorsedh Kernow ag Boscawen - Un. Insealbhaíodh bheirt bhard dhéag, lena n-áirítear Nance, a ghlac an bardainm Mordon (‘ Uain Farraige ’).[5]
Sa bhliain 1929, d’fhoilsigh sé Cornish for All, saothar a mhionshonraigh leagan den Choirnis bunaithe ar an Ordinalia agus ar théacsanna meánaoiseacha eile, a chruthaigh an córas litrithe Kernewek Unyes (An Chornais Chomhaontaithe) agus ba chor cinniúnach é a shainigh an chéad chéim eile den Athbheochan.[5]
Sa bhliain 1932, scríobh Nance An Balores, an chéad dráma a scríobhadh i Kernewek Unyes, agus léiríodh é an bhliain sin ag cruinniú na Comhdhála Ceiltí i dTruru.
An bhliain sin, an 31 Nollaig, d’fhoilsigh an Western Morning News óráid a thug Henry Jenner ar an ábhar 'Tírghrá an Choirn', inar scríobh sé "Bedheugh Byntha Kernewek" (" Bí i do Chornach go deo "). Tháinig grúpa daoine óga Cornacha a bhí gníomhach go polaitiúil le chéile chun an chéad ghluaiseacht pholaitiúil náisiúnta sa Chorn a chruthú, Tyr ha Tavas (Talamh agus Teanga), ag glacadh le frása Jenner mar mhana acu le stocaireacht a dhéanamh ar an bparlaimint.
Dúirt Nance ag an am;
The young people of this group are among those who 'see visions' and from the response to their clarion call, there is ground for hoping that they represent a new and growing force which will help to revive in Cornish people a consciousness of their race and destiny, and to create a bond of affinity and unity between the remnants of the Cornish Nation throughout the world.[4]
Sa bhliain 1934, le bás Henry Jenner, rinneadh Bardh Meur nó Ard-Bhard Gorsedh an Choirn de Nance. An bhliain chéanna sin, d’fhoilsigh Nance agus Smith Foclóir beag English-Cornish Dictionary le chéile. Chríochnaigh Nance saothar a shaoil, sé sin foclóir iomlán Coirnise - Béarla, a chríochnaigh Nance sa bhliain 1938 .[5] Bailíodh £2000 d’airgead an lae inniu, as síntiúis deonacha chun íoc as foilsiú an tsaothair. Leasaíodh agus leathnaíodh é chun alt Béarla - Coirnis a chur san áireamh i 1952..
Sa bhliain 1939, d'fhoilsigh Nance Lyver an Pymp Marthus Selevan, bailiúchán scéalta tíre ó pharóiste Selevan, a scríobhadh chun aithris a dhéanamh ar stíl drámaí míorúilte an Choirn.
Sa bhliain 1949, trí sheans, d'aimsíodh i Músaem na Breataine na Tregear Homilies. Chuir John Mackechnie, an scoláire Ceilteach a d'aimsigh iad, nuacht na fionnachtana ar aghaidh chuig Nance.
Sa bhliain 1951, thosaigh na Old Cornwall Societies ag foilsiú sraith leabhrán beag le sleachta as an Mheán-Choirnis curtha in eagar i Kernewek Unyes ag Nance agus ASD Smith. I measc na dtéacsanna seo bhí Bewnans Meryasek, An Tyr Marya, Sylvester ha'n Dhragon, Abram hag Ysak, Adam ha Seth, Davydd hag Urry agus An Venen ha'y Map .
D’oibrigh Nance mar Uachtarán ar Institiúid Ríoga an Choirn (Royal Institution of Cornwall ) ó 1951 go 1955.[6] I rith an ama seo, d’oibrigh sé chun na Coirnise nua-aimseartha a fheabhsú agus d’fhoilsigh sé eagráin nua i 1952 agus 1955 dá dhá fhoclóir.[4]
Sa bhliain 1954, táirgeadh ceirníní de Nance ag léamh an scéil Jowan Chy an Hor, chomh maith le Boorde's Colloquies agus Pader agan Arloedh (Gaeilge;Paidir an Tiarna). Sula bhfuair sé bás i 1959, dúirt sé: "One generation has set Cornish on its feet. It is now for another to make it walk." (Gaeilge; “Chuir glúin amháin an Choirnis ar a cosa. Is le duine eile anois é a chur ag siúl.”) [4]
Rugadh Nance i gCaerdydd do thuismitheoirí ón gCorn. Ba as Lannwedhenek a athair. Chaith Nance an chuid is mó dá óige ina chónaí i Penarth agus rinne sé staidéar ar ealaín i gCaerdydd agus i Hertfordshire.[4] Sa bhliain 1906, d’aistrigh Nance ón mBreatain Bheag agus shocraigh sé síos i Nancledra in aice le Porth Ia, Kernow, áit ar bhunaigh sé an Society for Nautical Research i 1911. Sa bhliain 1959, fuair sé bás agus cuireadh é i Séipéal Sen Senan, Zennor, tar éis dó a bheith tinn i bhfómhar na bliana 1957.[7]
<ref>
tag; name "Berresford" defined multiple times with different content
<ref>
tag; name "CornishHistoryNotebook" defined multiple times with different content