Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 24 Eanáir 1982 42 bliana d'aois Baile na Carraige, Éire |
Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta | |
1 Iúil 2020 – 24 Lúnasa 2022 | |
Teachta Dála | |
8 Feabhra 2020 – Téarma parlaiminte: 33ú Dáil Toghcheantar: Longfort–Iarmhí Toghadh i: Olltoghchán na hÉireann, 2020 | |
Ionadaí an Tionóil Pharlaiminte de Chomhairle na hEorpa | |
Ina hionadaí do: Éire 23 Eanáir 2017 – | |
Teachta Dála | |
10 Márta 2016 – 14 Eanáir 2020 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 32ú Dáil Toghcheantar: Longfort–Iarmhí Toghadh i: Olltoghchán 2016 in Éirinn | |
Teachta Dála | |
9 Márta 2011 – 3 Feabhra 2016 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 31ú Dáil Toghcheantar: Longfort–Iarmhí Toghadh i: Olltoghchán na hÉireann 2011 | |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Luain |
Gníomhaíocht | |
Gairm | polaiteoir |
Ball de pháirtí polaitíochta | Fianna Fáil |
Suíomh gréasáin | roberttroy.ie |
Is polaiteoir Éireannach de chuid Fhianna Fáil é Robert Troy (a rugadh ar 24 Eanáir 1982) atá ina Theachta Dála (TD) do dháilcheantar An Longfort-An hIarmhí ó 2011.[1]
Bhí Troy ina Aire Stáit sa Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta le freagracht speisialta as Cur Chun Cinn na Trádála, ó Iúil 2020 go Lúnasa 2022, nuair a d’éirigh sé as; tháinig sé chun solais gur theip air leasanna maoine a fhógairt.[2]
Rugadh Troy sa Mhuileann gCearr sa bhliain 1982, ach is as Baile na Carraige, Co. na hIarmhí ó dhúchas é.
Bhí sé ina bhall de Chomhairle Contae na hIarmhí don thoghcheantar áitiúil an Mhuilinn Chearr Thiar ó 2004 go 2011.
Toghadh é ina Theachta Dála de chuid Fhianna Fáil do thoghcheantar Longfoirt-na hIarmhí in olltoghchán 2011, ag fáil an bua ar an bheirt Theachta Dála de chuid Fhianna Fáil, Peter Kelly agus iar-Aire Comh-aireachta agus Ceannaire an tSeanaid Mary O'Rourke.
Bhí sé ina Urlabhraí ag Fianna Fáil ar na hEalaíona agus ar an Oidhreacht ó Aibreán 2011 go dtí Iúil 2012. I mí Iúil 2012, ceapadh é ina Urlabhraí ar Leanaí. Tar éis olltoghchán 2016 ceapadh é mar Urlabhraí Fhianna Fáil ar Iompar, Turasóireacht agus Spórt.
Toghadh arís é sa bhliain 2020 le 21.1% de na vótaí céad rogha. I mí Iúil, tar éis bhunú Rialtas an 33ú Dáil, ceapadh an Traí mar Aire Stáit ag an Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, le freagracht speisialta as Cur Chun Cinn na Trádála.
I mí Lúnasa 2022, deimhníodh gur theip ar Troy a lánleasanna gnó a dhearbhú i gClár Leasanna na gComhaltaí i gcomhréir le hoibleagáidí caighdeánacha atá ar TD.
Bhí leithscéal gafa ag Troy don chéad uair faoi nár chláraigh sé maoin dá chuid ar an gClár Leasanna Comhaltaí.[3]
Fuarthas amach gur dhíol sé réadmhaoin le Comhairle Contae na hIarmhí roimhe seo, a raibh sé ina bhall di roimhe seo, in 2018. Mhaígh Troy gur earráid ar a thaobh féin a bhí sa teip seo.[4][5]
Fuarthas amach ina dhiaidh sin freisin gur theip ar Troy díol an dara réadmhaoin a chlárú le Comhairle Contae Longfoirt in 2019 agus gur theip air leas a dhearbhú i dtríú teach sa Mhuileann gCearr in 2020.
Tháinig sé chun solais ina dhiaidh sin in agallamh le RTÉ an 23 Lúnasa 2022[6] go raibh 11 réadmhaoin aige san iomlán, naoi gcinn acu a bhí ar cíos aige; d'admhaigh sé gur theip air gnó maoine a raibh baint aige leis a fhógairt i gceart; agus bhí sé ag fáil ioncaim faoin Scéim um Chóiríocht ar Cíos (SCC) arna mhaoiniú ag an stát ar dhá réadmhaoin.
Bhí leithscéal gafa ag Troy arís. Dúirt sé gur "botún fíorthromchúiseach" a bhí ann.[6] Thug sé le fios gur údar náire ann dó an breall a bhí air.[7]
Timpeall an ama seo freisin bhí Troy tar éis labhairt faoi thacaíochtaí tithíochta a mhéadú do thionóntaí sa Dáil.
Ar an 24 Lúnasa, tugadh le fios nach raibh aon deimhniú dóiteáin ag ceann de mhaoine cíosa na Traí.
Ar an 24 Lúnasa, d'éirigh Troy as a ról mar Aire Stáit sa Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, ag áitiú go ndearna sé fíorearráidí lena dhearbhú reachtúil agus ag rá nach ngabhfadh sé leithscéal as a bheith ina thiarna talún.