Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 25 Márta 1941 Honiton, England |
Bás | 18 Márta 2024 82 bliana d'aois Baile Átha Cliath, Éire |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Londan Coláiste Mount Holyoke Coláiste Naomh Anna, Oxford - Fealsúnacht, Polaitíocht, agus Eacnamaíocht Miss Ironside's School (en) |
Gníomhaíocht | |
Gairm | gadaí ealaíne |
Ball de | |
Teaghlach | |
Athair | James Frederic Compton Dugdale agus Caroline Timmis |
Iarghníomhaí de chuid an IRA Shealadaigh — agus banoidhre Sasanach — ba ea Bridget Rose Dugdale (25 Márta 1941 – 18 Márta 2024), ar a dtugtaí Rose Dugdale.[1][2] Bhí a saol lán d'eachtraíocht, agus tharraing sí conspóid lena bheo agus lena mharbh. Sceimhlitheoir frith-Chaipitileach agus trodaí frith-Impiriúlach ar son saoirse na hÉireann, d'éirigh an banoidhre óg den uasalaicme Shasanach ina ceann feadhna ar aonad leathscoite ón IRA Sealadach i dtús na seachtóidí. Bhí Dugdale sa bhuíon a rinne creach ar Theach Russborough i gContae Chill Mhantáin sa bhliain 1974.
Ba de bhunadh uasaicmeach as Devon Shasana í Dugdale agus bhí na liaga liatha airgid ag a muintir. Bhí teach i gceantar gustalach Chelsea acu chomh maith leis an eastát tuaithe.
Sheas Dugdale amach óna treibh féin ón tús. Neamhspleách agus ainrialta ón gcliabhán, in aois a seacht déag, i 1958, ní umhlódh sí mar debutante os comhair na banríona Éilís a Dó i bPálás Buckingham mura ngéillfeadh a tuistí féin go gcuirfidís, in éadan a dtola, go Coláiste Naomh Áine in Oxford í – coláiste aonghnéis do mhná.[3]
Thosaigh an ceannairceach inti ag teacht chun cinn i rith a cuid laethanta ar an ollscoil mar a dtug sí féin agus a compánach, Jenny Chamer-Grove, ruathar faoi sheomra díospóireachta Chumann Oxford áit a raibh cosc ar mhná. Tharraing sí aird na meán uirthi féin agus níorbh é sin an uair dheireanach aici.
Bhain Dugdale PhD amach in Ollscoil Londain sna 1960idí san eacnamaíocht. Le flosc a ghlac an mac léinn Rose le polaitíocht radacach léirsithe sráide 1968.
Chuaigh Dugdale le gluaiseacht mhíleata na Poblachta i ndiaidh Dhomhnach na Fola i nDoire i 1972. Í míréireach, ceanndána agus ag iarraidh cúl a thabhairt le cine. Ghoill pribhléid a muintire uirthi agus cothaíodh inti dá réir dáimh leis an dream a bhí faoi chois.[4]
Robáil sí luach £82,000 de phictiúir agus gréithe airgid as teach a tuistí féin i 1973, chun an tIRA Sealadach a mhaoiniú. Gabhadh í agus sa chúirt i 1973 á cosaint féin ar chúis robála a tuistí, chuir sí a hathair féin fá chroscheistiú. ‘I love you,’ arsa Dugdale, ‘but I hate that for which you stand.’[4]
I mí Eanáir 1974, ghlac Dugdale páirt in ionsaí buama ar stáisiún de chuid Constáblacht Ríoga Uladh (CRU) inar úsáideadh héileacaptar a bhí fuadaithe. Úsáideadh an héileacaptar chun ionsaí buamála a dhéanamh ar bheairic de chuid CRU ar An tSrath Bán i gCo. Thír Eoghain.[2] Ach níor phléasc na buamaí a chaitheadar.
Ghlac Dugdale páirt san eachtra robála a rinne an tIRA ar Theach Russborough i gContae Chill Mhantáin ar an 26 Aibreán 1974, inar goideadh saothair ealaíne, arbh fhiú £8m iad ag an am, trí phictiúr de chuid Rubens ina measc, ceann amháin de chuid Goya agus ceann eile de chuid Vermeer.[5] Buaileadh Alfred Beit, an fear 71 bliain d’aois gur leis an teach, agus duine dá fhoireann sa chloigeann le gunna. Ceanglaíodh agus cuireadh sa leabharlann iad, áit a bhfaca siad an bhuíon ag gearradh na bpéintéireachtaí as na frámaí. D’éalaigh siad as sin go tigín i measc na gcrann ar na bunchnoic sceirdiúla i nDún na Séad. Ach ní raibh na gardaí i bhfad ag breith ar Dugdale agus frítheadh na pictiúir ar fad ina dhiaidh sin.[6]
Gearradh naoi mbliana príosúin ar Dugdale as an ról a ghlac sí san eachtra robála. Chuir na meáin dúil mhíchuibheasach i scéal an ruathair.
Rugadh mac di le linn di a bheith sa phríosún agus phós sí poblachtach eile, Eddie Gallagher, le linn di a bheith faoi choimeád.
Bhí Dugdale páirteach sa chlár faisnéise Rose Dugdale – Mná an IRA a rinneadh do TG4 in 2012.
Fuair Dugdale bás agus í "ina codladh" i dteach altranais i mBaile Átha Cliath ar 18 Márta 2024. Bhí sí 83 bliain d'aois.