Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 7 Lúnasa 1937 Baile Átha Cliath, Éire |
Bás | 5 Nollaig 2023 86 bliana d'aois Baile Átha Cliath, Éire |
Gníomhaíocht | |
Gairm | tiománaí railí, tiománaí carr rásaíochta |
Teangacha | Béarla |
Spórt | railíocht |
Suíomh gréasáin | rosemarysmith.ie… |
Tiománaí railí ó Bhaile Átha Cliath, Éire ab ea Rosemary Smith (7 Lúnasa 1937 – 5 Nollaig 2023[1]). Bhí sí ag obair mar ghúnadóir sarar thosnaigh sí ag rásaíocht.
Sa bhliain 1964, thóg sí duais na mban ar an railí Chuairt na hÉireann ag tiomáint Sunbeam Rapier.[2] I 1965, bhuaigh Smith an Railí Tiúilipe glan amach, ag tiomáint Hillman Imp.[3]
Bhí Smith dícháilithe ó Railí Monte Carlo i 1966 ar bhealach conspóideach, tar éis di an Coupe des Dames, rás na mban, a bhuachaint. San iomlán, bhí deich ngluaisteán dícháilithe. Dúirt Smith nach nglacfadh sí páirt sa rás arís mura gcuirfí an cinneadh ar ceal.[4]
Ar an 10ú Bealtaine 2017, thiomáin Smith Renault F1 ar Circuit Paul Ricard mar chuid de scannánú an lae. Ba í an duine is sine a thiomáin carr 800 each-chumhacht choiscthe.[5]
Cailleadh ar 5 Nollaig 2023 í tar éis cath in aghaidh na hailse.[1]