Ríocht Dhuibhlinne

Bosca Geografaíocht PholaitiúilRíocht Dhuibhlinne

Suíomh

PríomhchathairBaile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Reiligiúncreideamh na Sean-Lochlannach Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí stairiúla
Cruthú839
Díscaoileadh1171
Aitheantóir tuairisciúil

Ríocht Lochlannach in Éirinn ó thart ar 853 AD go 1170 AD ab ea Ríocht Dhuibhlinne (Sean-Lochlainnis: Dyflin[1]). Ba í an chéad ríocht Lochlannach in Éirinn, agus an ceann a mhair an tréimhse is faide. Slua Lochlannach a rinne ionradh ar chósta thoir na hÉireann sa 9ú haois a bhunaigh an ríocht. Chuimsigh an chríoch an chuid is mó de Chontae Bhaile Átha Cliath mar atá sé sa lá atá inniu ann.

Is in Annála Uladh a luadh na Lochlannaigh den chéad uair. Seo é an chéad iontráil don bhliain 841 AD: “Gennti for Loch Eachach beós” (Nua-Ghaeilge: “Gintlithe fós ar Loch nEathach”). Is ón dáta seo ar aghaidh a fhaightear tagairtí do longfoirt Lochlannacha in Éirinn. Seans gurbh é 840–841AD an chéad gheimhreadh a chaith na Lochlannaigh in Éirinn. Ba mhinic a bhí comhríthe i gceannas ar Ríocht Dhuibhlinne, agus uaireanta Ríthe Jórvík ón réigiún ina bhfuil Yorkshire anois. Faoi cheannas na ríthe seo, ba í Duibhlinn an calafort sclábhaíochta ba mhó in Iarthar na hEorpa.[2][3] Thugtaí Dyflinnar skíði (“Sír Dhuibhlinne”) ar an gcúlchríoch thart ar Bhaile Átha Cliath le linn na tréimhse seo.[4] D’éirigh na lonnaitheoirí níos Gaelaí de réir a chéile, agus forbraíodh cultúr sincréatach a chomhcheangail gnéithe de chultúr na Lochlannach le cultúr na nGael.

Sa bhliain 988, bhí Máel Sechnaill mac Domnaill i gceannas ar an gcéad ghabháil Ghaelach ar Bhaile Átha Cliath. Sin an fáth a ndeirtear gur bunaíodh Baile Átha Cliath in 988, cé go raibh lonnaíocht ann beagnach míle bliain roimh an dáta sin.

Buaileadh mona i mBaile Átha Cliath thart ar 995, agus ar Oileán Mhanann timpeall 1025.[5]

Faoi lár an 11ú haois, bhí Ríocht Laighean ag imirt tionchair ar Dhuibhlinn. Mharaigh na hionróirí Normannacha Ascall mac Ragnaill, an rí deireanach ar Dhuibhlinn, sa bhliain 1171.

Tíreolaíocht

[cuir in eagar | athraigh foinse]

In aimsir na síochána, shín an ríocht chomh fada ó dheas le Cill Mhantáin (Wykinglo), Gleann Daingin in aice le Baile Coimín, Léim an Bhradáin (Lax Hlaup) siar ó Bhaile Átha Cliath, agus na Sceirí (Skere) ó thuaidh. Ainmníodh ceantar Fhine Gall lastuaidh de Bhaile Átha Cliath i ndiaidh na Lochlannach a bhí ina gcónaí ann.

Ríthe Dhuibhlinne

[cuir in eagar | athraigh foinse]
Blianta
Amlaíb Conung c. 853–871
Ímar c. 857–873
Auisle c. 863–867
Oistin mac Amlaíb* 873–875
Bárid mac Ímair 873–881
Albann^ 875–877
Sichfrith mac Ímair 881–888
Sitriuc mac Ímair 888–893/896
Sichfrith Jarl^ 893-?
Glúniarann* ?
Ímar ua Ímair ?-902
Thréig na Lochlannaigh Baile Átha Cliath ó 902 go 917.
Sihtric ua Ímair (a.k.a. Sihtric Cáech) 917–921
Gofraid ua Ímair 921–934
Olaf Guthfrithson 934–941
Blácaire mac Gofrith 941–945
Sigtrygg (Sitric)[fíoras?] 941–943
Amlaíb Cuarán 945–947
Blácaire mac Gofrith 947–948
Gofraid mac Sitriuc 948–951
Amlaíb Cuarán 952–980
Glúniairn 980–989
Ivar of Waterford or Sigtrygg Silkbeard 989–993
Ivar of Waterford 994–995
Sigtrygg (Sitric) Silkbeard Olafsson 995–1036
Echmarcach mac Ragnaill 1036–1038
Ímar mac Arailt 1038–1046
Echmarcach mac Ragnaill 1046–1052
Murchad mac Diarmata 1052–1070
Diarmait mac Mail na mBo 1070–1072
Toirdelbach Ua Briain 1072
Gofraid mac Amlaíb meic Ragnaill 1072–1075
Domnall mac Murchada 1075
Muirchertach Ua Briain 1075–1086
Donnchad mac Domnaill Remair 1086–1089
Gofraid Crobán c. 1091–1094
Domnall mac Taidc
Domnall Gerrlámhach
Magnús berfœttr 1102–1103
Domnall Gerrlámhach
Diarmait mac Énna meic Murchada ×1117.
Domnall Gerrlámhach 1117–1118
Toirdelbach Ua Conchobair ×1118
Énna Mac Murchada ×1122–1126
Conchobar Ua Conchobair 1126–1127
Conchobar Ua Briain 1141–1142
Ottar mac meic Ottair 1142–1148
Ragnall mac Torcaill 1144×1146
Brodar mac Torcaill ×1160
Gofraid mac Amlaíb 1150s or 1160s
Ascall mac Ragnaill ×1170

^ Faoi dhíospóid *Tuairimeach

  1. Clarke (1995). "Medieval Dublin, the making of a metropolis". Irish Academic Press. ISBN 978-0716524595. 
  2. Downham (May–June 2009). “The Viking slave trade: entrepreneurs or heathen slavers?”. History Ireland. History Publications Ltd. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-08-09. Dáta rochtana: 2020-01-31.
  3. O'Donnell (2013-04-23). “The Slave Market of Viking Dublin”. Around the World in Eighty Years. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-07-17. Dáta rochtana: 2020-01-31.
  4. Church (2021). "Why Are There Very Few Scandinavian Place-names in Ireland?". Northern Studies 52: 22–37. 
  5. Barrett (2016) p. 4.