Tháinig borradh ollmhór faoin turasóireacht timpeall an domhain sna 2020idí, a luaithe a bhí an phaindéim COVID-19 thart. Ag an am céanna, chuaigh an ghéarchéim thithíochta in olcas, agus cuireadh an milleán go minic ar an róthurasóireacht. Ní raibh na cathracha ar nós na Veinéise, Barcelona agus Dubrovnik in ann dul i ngleic leis na sluaite turasóirí a thagann chucu gach bliain.
I mí Iúil 2024 i mBarcelona, chaith daoine sa chathair uisce ar thurasóirí agus ag fógairt orthu glanadh amach as an áit. Dar leo, tá an chathair millte ag an líon turasóirí a bhíonn ann gach aon lá den mbliain. Creideann muintir áirithe gurb iad na turasóirí is cúis leis an easpa lóistín atá sa chathair agus an mórchostas a leanann a leithéid d’éileamh.
I gcathair na Veinéise sa bhliain 2024, thosaigh bardas na cathrach ag gearradh táille ar na cuairteoirí a théann isteach sa chathair.[2]
Tugann suas le 330,000 duine cuairt an na hoileáin Galápogos san Aigéan Ciúin gach aon bhliain. Tá táille $200 an duine á ghearradh orthu (in 2024) in iarracht an ghnáthóg speisialta sin a chosaint.
Sa bhliain 2024, ní ceadaítear do níos mó ná ceithre mhíle duine sa lá, turas a thabhairt ar Shliabh Fuji agus gearrtar táille 2000 yen (€11.59) an duine orthusan.[2]
Chun dul i ngleic le fadhb na róthurasóireachta, d’fhorbair na húdaráis in Amstardam straitéis : na turasóirí a mhealladh amach as lár chathair Amstardam agus iad a mhealladh chuig ceann de na cathracha eile máguaird (mar shampla, an mhaidin a chaitheamh ag breathnú ar phéinteálacha in Delft, an tráthnóna ag spaisteoireacht trí chathair dhúchais Rembrandt, Leiden, cuairt lae ar an Háig nó Rotterdam srl).[3]
Clár FíorScéal, TG4, Samhain 2019. Cuirfear Méaraí, saineolaithe turasóireachta, gníomhaithe polaitíochta agus áitritheoirí na gcathracha atá siar leis an róthurasóireacht faoi agallamh.