Cineál | ócáid bhliantúil féile |
---|---|
Bailíocht | 1902 - |
Bunaitheoir(í) | Conradh na Gaeilge |
Príomhábhar | an Ghaeilge |
Cultúr | cultúr na hÉireann |
Tír | Éire |
Suíomh gréasáin | snag.ie |
Is féile Ghaeilge í Seachtain na Gaeilge, a bhíonn ar siúl in Éirinn agus in go leor tíortha eile gach bliain. Is é cuspóir na féile ná an Ghaeilge a chur chun cinn ar fud na hÉireann agus ar fud an domhain.[1] Cuirtear tús leis an bhféile ar 1 Márta, agus leanann sé ar aghaidh go 17 Márta agus Lá Fhéile Pádraig[2] gach bliain.
Bíonn an fhéile eagraithe ag Conradh na Gaeilge. Is é an mana atá ag an bhféile ná “Úsáid do Theanga!”.[3]
Bhunaigh Conradh na Gaeilge Seachtain na Gaeilge sa bhliain 1902 le teanga na Gaeilge a chur chun cinn in Éirinn agus ar fud an domhain. Is í Seachtain na Gaeilge an fhéile Ghaeilge is mó in Éirinn agus timpeall an domhain. Chuaigh an fhéile ó neart go neart agus anois is seacht lá dhéag atá i gceist. Bíonn na dátaí céanna i gceist gach bliain agus bíonn an fhéile ar siúl idir an 1 Márta go dtí an 17ú Márta. Cuirtear tús leis an bhféile le seoladh oifigiúil.
Tá Energia mar urraitheoir ar an bhféile ó 2017. Is é 'Úsáid do Theanga' mana na féile agus oireann an fhéile do dhaoine ar gach leibhéal cumais sa Ghaeilge.
Chuir na meáin chumarsáide béim bhreise as an nua ar thábhacht na Gaeilge le haltanna i nGaeilge, i mBéarla faoin nGaeilge agus eagarfhocail ag tacú leis an nGaeilge agus le Seachtain na Gaeilge. In RTÉ cuireann go leor cláracha Béarla béim bhreise ar an nGaeilge. I rith Sheachtain na Gaeilge bíonn Raidió Rí-Rá le cloisteáil ar an gcóras FM i gcathracha éagsúla ar fud na tíre. De ghnáth is féidir le éinne cluas a chur leis an stáisiún ar an idirlíon ag rrr.ie. Le linn Sheachtain na Gaeilge 2020, bhí feachtas "Time to Give A Focal" ann.[fíoras?]
Is ollrith náisiúnta timpeall na hÉireann ar son na Gaeilge é Rith. Bhí an Rith náisiúnta is déanaí ar siúl ón 11-17 Márta 2018 mar cheann de phríomhimeachtaí Sheachtain na Gaeilge. Leagadh cúrsa 500km le rith ó Bhéal Feirste go Lios Tuathail i gCiarraí thar 7 lá. Bhí éagsúlacht ann in 2014 toisc go raibh Rith thar oíche i mBaile Átha Cliath den chéad uair riamh.
Ba é Rith 2014 an tríú Rith a eagraíodh ó 2010, áit ar éirigh go hiontach leis na rití eile in 2010 agus in 2012, ag mealladh suas go 20,000 agus 30,000 duine le páirt a ghlacadh i ngach féile faoi seach. Tagann an smaoineamh ó Thír na mBascach, áit go bhfuil an Korrika á rith acu ó 1980 i leith agus áit a ghlacann breis agus 600,000 duine páirt sa bhféile.
Bíonn go leor imeachtaí spóirt eagraithe le linn Seachtain na Gaeilge.[fíoras?]
Eisíonn an eagraíocht dlúthdhiosca in am don fhéile, mar atá Ceol '16, Ceol '08, Ceol '07, Ceol '06 agus SnaG '05. Bíonn amhránaí Éireannacha agus popamhránaithe ar na dhlúthdhioscaí seo, mar shampla Léimigí Thart le Des Bishop, Cailín na Gaillimhe le Mundy agus Grá dom Leonadh le The Swell Season. Is albam ceoil é CEOL 2018 le haistriúcháin Ghaeilge ar roinnt de na hamhráin is aitheanta ar fud an domhain. Bhí an t-albam curtha le chéile ag Conradh na Gaeilge & Raidió Rí-Rá i gcomhpháirtíocht le RTÉ 2fm & leis an láithreoir 2fm, Eoghan McDermott.
Seoladh CEOL 2018 le hEoghan McDermott chuig gach scoil sa tír mar chuid de Bhliain na Gaeilge 2018. Seoladh an t-albam ar 26 Meán Fómhair 2018 le tacaíocht ó Kodaline agus bhí mír faoin seoladh ar nuacht RTÉ. Scaipeadh 350,000 cóip den albam ar dhaltaí meánscoile & seoladh cóip chuig gach bunscoil sa tír.
Bíonn lúcháir mhór ar eagraithe Sheachtain na Gaeilge ambasadóirí difriúla a fhógairt gach bliain. Cuidíonn na hambasadóirí le poiblíocht na féile a scaipeadh ar phobal níos leithne. Taispéanann na hambasadóirí do dhaoine go bhfuil bród orthu a dteanga dhúchais a labhairt. Le blianta beaga anuas bhí Síbeal Ní Chasaide, Linda Irvine, Michael Darragh McAuley, James Patrice, Cáitlín Nic Aoidh agus go leor eile mar ambasadóirí ar an bhéile iomráiteach seo.[4]
Is síol faoi Oileán na hÉireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |