Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 9 Feabhra 1940 Doire, Northern Ireland |
Bás | 12 Bealtaine 2021 81 bliana d'aois Ospidéal Beaumont, Éire |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil na Banríona, Béal Feirste Coláiste Pembroke, Cambridge |
Teanga dhúchais | Béarla |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Léirmheastóireacht liteartha, scríbhneoireacht chruthaitheach agus phroifisiúnta, filíocht, stair na litríochta agus litríocht na hÉireann |
Gairm | scríbhneoir, file, múinteoir ollscoile, léirmheastóir liteartha |
Fostóir | Ollscoil Notre Dame |
Ball de | |
Teangacha | Béarla agus an Ghaeilge |
Saothar | |
Suíomh a chartlainne | |
Gradam a fuarthas | |
Údar, file, agus léirmheastóir ab ea Seamus Deane (9 Feabhra 1940 i nDoire – 12 Bealtaine 2021).
B'as Doire Séamus Deane agus bhí sé ar scoil i gColáiste Cholm Cille sa chathair sin, mar a raibh sé in aon rang le Séamus Heaney.[1]
Bhí baint mhór ag Séamus Deane le compántas Field Day. Bhí sé ar dhuine de na hintleachtóirí a scríobh paimfléidí polaitiúla agus cultúrtha do Field Day sna 1980idí agus 1990idí in éineacht le leithéidí Declan Kiberd, Tom Paulin agus Terry Eagleton.
Ba é a bhí ina eagarthóir ginearálta ar cheithre imleabhar an Field Day Anthology of Irish Writing ina n-áirítear os cionn 4,000 leathanach agus a foilsíodh de réir a chéile ó 1990.
Bhásaigh Séamus Deane san ospidéal Beaumont, BÁC ar 12 Bealtaine 2021 agus in aois 81 dó. Dúirt an tUachtarán Michael D Higgins gur caillteanas domheasta é bás Shéamuis Deane don scríbhneoireacht in Éirinn.[1]
Bhain Deane cáil idirnáisiúnta amach faoina úrscéal Reading in the Dark atá bunaithe ar bhlianta a óige i nDoire.
Tá leabhair filíochta scríofa aige, “Gradual Wars”, “Rumours”, agus “History”.
Tá saothair phróis eile déanta aige chomh maith, “Celtic Revivals”, “Essays in Modern Irish Literature 1880 – 1980” , “A Short History of Irish Literature”, “The French Enlightenment and Revolution in England 1789 – 1832” ina measc.[1]