Tacsanomaíocht | |
---|---|
For-ríocht | Holozoa |
Ríocht | Animalia |
Fíleam | Arthropoda |
Aicme | Hexanauplia |
Ord | Sessilia |
Fine | Archaeobalanidae |
Géineas | Semibalanus |
Speiceas | Semibalanus balanoides Linnaeus, 1767 |
Is speiceas coitianta agus forleathan garbhán carraige é Semibalanus balanoides. Tugtar an garbhán carraige coiteann, nó go simplí, an garbhán carraige air i nGaeilge.[1] Faightear iad ar charraigeacha agus ar fhoshraitheanna eile sa chrios idirthaoideach in iarthuaisceart na hEorpa agus ar an dá chósta i Meiriceá Thuaidh.
Fásann S. balanoides suas le 15mm ar trastomhas, agus is ainmhithe suiteacha iad, is é sin le rá go maireann siad ceangailte le carraigeacha agus le foshraitheanna eile. Tá sé phláta scothliatha acu, timpeall clúidín ar chruth diamaint.[2][3] Tá bonn an tsliogáin scannánach in S. balanoides, i gcodarsnacht le giúrainn eile a bhfuil bonn cailcithe acu.[2] Nuair a líonann an taoide, osclaíonn an clúidín, agus leathnaítear cirri [4] amach san uisce chun bia a scagadh ón sáile. Nuair a thránn an taoide, dúnann an clúidín arís chun triomú a sheachaint.
Faightear Semibalanus balanoides sa chrios idirthaoideach in aigéin tuaisceartacha an domhain. Tá a raon teoranta sa tuaisceart ag an méid pacoighir atá ann, agus sa deisceart ag an teocht níos airde a chuireann cosc ar fhás gaiméití.[2]
San Eoraip, faightear S. balanoides ar Oileánra Svalbard agus ó Finnmark[5] go dtí iarthuaisceart na Spáinne (gan cuid de Bhá na Bioscáine san áireamh). Tá sé coitianta ar fud na hÉireann agus na Breataine Móire, seachas i gceantair áirithe i gCorn na Breataine, Oileáin Scilly agus iardheisceart na hÉireann. Ar chósta thoir Mheiriceá Thuaidh, tá sé le fáil chomh fada ó dheas le Rinn Hatteras, Carolina Thuaidh, agus ar chósta an Aigéin Chiúin, chomh fada ó dheas leis an gColóim Bhriotanach.[2] Is é S. balanoides an giúrann idirthaoideach is coitianta agus is forleithne in Éirinn, agus is é an t-aon ghiúrann idirthaoideach amháin ar chósta thoir thuaidh Mheiriceá Thuaidh.[6]
Rinne Séamus Mac an Iomaire cur síos ar an ngarbhán carraige ina leabhar Cladaí Chonamara:
“ |
Ní mór nach cosúil le bairnigh bheaga na garbháin charraige ach go bhfuil poill bheaga i mbarr na sliogán. Leis an bpoll a dhearcadh is féidir mar a bheadh eiteog bheag a fheiceáil ag éirí amach agus ag sú isteach ó am go ham agus ribeacha beaga timpeall chiumhaiseanna an phoill a bhíos go síoraí ar crith; is leo sin a sholáthraíos sé a chuid bia... Tá siad chomh dlúth le cúl a chéile agus go sílfeá ar dtús gur cuid den charraig iad agus níl aon áit ó íochtar láin go barr lán mara mallmhuireach nach bhfuil druidte leo. Fásann siad os cionn a chéile ó bhliain go bliain agus is minic, nuair a bhíos go leor brat ar an gcladach, go mbaineann an t-oibriú iad...[7] |
” |