Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 30 Samhain 1903 Contae Chiarraí, Éire |
Bás | 12 Nollaig 1996 93 bliana d'aois |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste Oiliúna De La Salle |
Gníomhaíocht | |
Gairm | béaloideasóir |
Teangacha | An Ghaeilge |
Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann.
Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
Is cainteoir dúchais Gaeilge agus gníomhaí teanga é ar feadh a shaoil, chuaigh Seán isteach i gCoimisiún Béaloidis na hÉireann i 1935. Rugadh é i gCiarraí i 1903 agus rinneadh múinteoir scoile náisiúnta de i 1923, ag obair mar mhúinteoir`i gCill Chainnigh agus i Mount Sion i bPort Láirge.[1] Ba le linn a thréimhse i bPort Láirge a chuir sé tús lena chuid oibre ar an mbéaloideas mórchóir. Thug sé taifeadán leis gach Satharn isteach i seandaoine i dteach “Siúracha na mBocht”. Ó na scéalta a bhailigh sé ó dhaoine scothaosta, d’fhoilsigh sé "An Lóchrann" i 1930-31. Bheadh sé seo an fhormáid chéanna a d'úsáidfeadh sé le "Bailiúchán na Scol" i 1937.[2]
Tar éis dó BA sa Léann Ceilteach a chríochnú i 1934 agus máistreacht a leanúint ina dhiaidh sin i 1935, ba é Seán an chéad ghníomhaí le Coimisiún Béaloideas na hÉireann. Bhí baint mhór aige leis an "The School'sSchool's Collection" a chruthú i 1937, mar mhúinteoir scoile, thuig sé conas scéim chomh géar sin a rolladh amach. Thaistil sé an tír ag cur comhairle ar mhúinteoirí maidir le cur i bhfeidhm na scéime sna scoileanna. D'oibrigh sé go dlúth freisin le lucht tacaíochta na scéime, An Roinn Oideachais, agus Eagraíocht Múinteoirí Náisiúnta na hÉireann. Thiomsaigh sé treoirlínte ar na cineálacha scéalta agus ábhar ba chóir a bhailiú, lena n-áirítear sraith ceisteanna faoi chaoga a cúig ceannteideal a dearadh chun ábhar luachmhar a fháil ó na faisnéiseoirí. D'eagraigh sé na treoirlínte seo i leabhrán darb ainm "Béaloideas agus Traidisiún na hÉireann", a d'eisigh sé do na scoileanna go léir a raibh baint acu leis an tionscadal.