Foilsiú | |||
---|---|---|---|
Seánra | cluiche lámhaigh tríú pearsan | ||
Saintréithe teicniúla | |||
Ardán | Xbox, PlayStation 2 agus Windows | ||
Modhanna | físchluiche d'imreoir aonair | ||
Formáid | dlúthdhiosca cuimhne inléite amháin | ||
Foireann | |||
Forbróir(í) | Guerrilla Games (en) | ||
Eagarthóir | Eidos Interactive (en) | ||
Cáilíochtaí | |||
| |||
Tuilleadh eolais | |||
Láithreán Gréasáin | shellshockgame.com | ||
MobyGames | shellshock-nam-67 | ||
| |||
|
Is físchluiche lámhaigh tríú pearsa é Shellshock: Nam ‘67. D'fhorbair Guerrilla Games é, agus d'fhoilsigh Eidos Interactive é ar Windows, PlayStation 2, agus Xbox ar 3 Meán Fómhair 2004.
De réir Metacritic, bhí idir mhaith agus olc sna léirmheasanna ar an gcluiche. Cheap IGN (Imagine Games Network) go raibh “go leor lochtanna” ann, agus cháineadar an cluiche as an mbealach míchuibhiúil a chuir sé an cogadh i láthair. Ar aon dul leis seo, dúirt Eurogamer go ndearna an cluiche “léiriú fánach ar choimhlint fhuilteach dár siamsaíocht phearsanta”, cé go ndúradar freisin “nuair a bhuaileann sé an sprioc, tá sé breá bríomhar ar feadh seal gairid” agus bhí meas acu ar uaillmhian na bhforbróirí san iarracht a rinne siad cluiche nach raibh leamh ná “díghalraithe” a chruthú.
Díoladh 800,000 cóip den chluiche.
Eisíodh an dara cluiche sa tsraith, dar teideal Shellshock 2: Blood Trails, in 2009.
Is síol faoi bhogearra é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |