Láithreán seandálaíochta is ea Sintashta (Rúisis Синташта́) agus é suite in Chelyabinsk Oblast sa Rúis. Tá iarsmaí lonnaíochta daingnithe ann a bhaineann leis an gCré-umhaois, c. 2800-1600 RCh[1] agus is é láithreán cineáil an chultúir Sintashta é.
Tá Sintashta le fáil ar an steip Eoráiseach díreach soir ó Shléibhte na hÚraile. Ainmnítear an laithreán as Abhainn Sintashta, craobh-abhainn de chuid an Tobol. D’athraigh srutha na habhann le himeacht aimsire agus scriosadh leath an láithreáin dá bharr; tá teach is tríocha ar marthain fós as caoga nó seasca a bhí ann roimhe seo.[2]
Bhí tithe dronuilleogacha ann agus iad leagtha amach mar fháinne a bhí 140 m trasna agus múr cré ina thimpeall a bhí daingnithe le hadhmad, túir gheata aige agus díog dhomhain laistigh ann. Ní bhfuarthas riamh roimhe sin daingnithe a bhí chomh mór leo siúd a fuarthas in Sintashta agus i lonnaíochtaí eile dá leithéid i réigiún na steipeanna. Tá fianaise ann go raibh copar agus cré-umha á ndéanamh i ngach teach a tochlaíodh in Sintashta, rud nach bhfuarthas a leithéid roimhe sin sa steip.[2] Chuaigh earraí luatha criadóireachta ón gcultúr Abashevo i bhfeidhm ar earraí criadóireachta Sintashta.[3]
Is léir ó iarsmaí seandálaíochta i léaslíne a bhaineann leis an ré úd gur comhshamhlaíodh a lán treibheanna i réigiún na hÚraile, agus is dócha nár chóir Sintashta a lua le foinse Airianach amháin.[4]
Fuarthas cúig reilig ar an láithreán agus daichead uaigh sa cheann ba mhó. Bhí roinnt carbad ann – cuid de na carbaid is sine ar domhan - agus fuarthas capaill a maraíodh mar íobairt, suas le hochtar in uaigh amháin. Bhí airm chloiche, chopair agus cré-umha ann, agus ornáidí óir agus airgid.
Léiríonn dátú radacarbóin gur mhair an lonnaíocht agus na reiligí os cionn míle bliain, rud a thugann le fios go raibh lonnaíocht níos luaithe ann a bhain leis an gcultúr Poltavka. Ach baineann formhór na ndátaí leis an tréimhse 1800-2100 RCh, rud a thaispeánann achar áitrithe atá ag teacht le háiteanna eile de chuid an chultúir.