Is é an rud atá i gceist le slinneánacht ná fáistineacht le slinneáin bheithíoch (.i. cnámh leathan thanaí na gualainne[1]). Gualdhraíocht a thugtar uirthi freisin.[2]
Is ó slinnénacht a thagann an focal seo.[3]
Nós gaelach is ea an slinneánacht a bhí fós beo i nGaeltacht na hAlban go déanach sa 19ú hAois. Bhí buanna sainiúla faoi leith ag teastáil le hí a dhéanamh.[4]
Bhaintí an fheoil gan uirlis ar bith a úsáid ach na méaranna amháin agus ba riachtanach gan rian a fhágáil ar an gcnámh ar eagla nach bhféadfaí ciall a bhaint aisti. Treo an chinn chaoil, sin treo an beatha; treo an chinn ramhair sin treo an bháis.[4]
![]() | Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |