Cineál | duine carachtar i miotaseolaíocht na nGael ![]() |
---|---|
Dáta | |
Inscne | fireann ![]() |
Slí bheatha | rí ![]() |
Teideal | Ardrí na hÉireann ![]() |
I Miotaseolaíocht na nGael, ba chéad Ard-Rí na hÉireann é Sláine (Sean-Ghaeilge Sláne,[1] Meán-Ghaeilge Sláinghe) mac Deala, sliocht de na Fir Bholg, agus ar deireadh de shliocht Neimhidh. Ba í Fuad a bhean chéile.
Tháinig na Fir Bholg go hÉirinn le cúig mhíle fear. Deirtear gur tháinig Sláine i dtír ag Cuan Loch Garman ag béal Na Sláine. Roinn Sláine agus a cheathrar deartháireacha an tír eatarthu. Thóg Sláine, an té is óige, cúige Laighin; thóg Gann tuaisceart na Mumhan; thóg Seangann deisceart na Mumhan; thóg Geanann cúige Chonnacht; agus thóg Ruadhraí cúige Uladh. Thogh siad Sláine mar ard-rí. Ghlan sé an fhoraois as ceantar Bhrú na Bóinne.[2]
Thugtaí na Fir Gailióin (leagan eile: Gaileanga) ar a chuid de mhuintir na bhFear Bolg, ainmnithe as a sleánna (Sean-Ghaeilge gáe, ga).
Bhí Sláine i gceannas ar feadh ach aon bhliain amháin, sula bhfuair sé bás ag Dionn Rí i gContae Cheatharlach. Cuireadh faoi é ag Baile Shláine, Contae na Mí. Tháinig a dheartháir Ruadhraí i gcomharbacht air.
Réamhtheachtaí duine ar bith |
Ard-Rí na hÉireann ACM 1934–1933 RC FFE 1514–1513 RC |
Comharba Ruadhraí |