Sonraí | |
---|---|
Ainm gearr | HSC agus Health and Social Care |
Cineál | córas sláinte |
Rialachas corparáideach | |
Máthaireagraíocht | An Roinn Sláinte |
Cuid de | An tSeirbhís Náisiúnta Sláinte |
Suíomh gréasáin | http://online.hscni.net/ |
Is é Sláinte agus Cúram Sóisialta Thuaisceart Éireann (SCSTÉ)[1][2] an t-ainm atá ar an eagraíocht atá freagrach as seirbhísí sláinte agus cúram sóisialta i dTuaisceart Éireann. Tá eagrúchán na heagraíochta cosúil go leor leis an NHS, ach go n-áirítear leas sóisialach agus seirbhísí cosanta leanaí mar chuid de. Bhí buiséad £3.9bn ag an eagraíocht sa bhliain 2010.
Tá dúshláin mhóra amach roimh an SCSTÉ:[3]
• Tá an daonra i dTuaisceart Éireann ag fás agus ag dul in aois.
• Tá na riochtaí sláinte fadtéarmacha ag éirí níos coitianta agus níos costasaí.
• Déadú ar éileamh agus barraíocht spleáchais ar leapacha sna hospidéil
• Deacrachtaí a bhaineann le lucht saothair cliniciúil
• Gá le tuilleadh táirgiúlachta agus luach ar airgead
Tá an córas Sláinte agus Cúram Sóisialta ag brath go hiomlán ar a fhoireann ó mhionlaigh eitneacha. Ritheann na hiontaobhais sláinte feachtas earcaíochta thar lear i ngeall ar an nganntanas foirne baile.[4]
Tá oibrithe cúram sláinte as India, as na Filipíní, daoine ón tSúdáin agus eachtrannaigh eile mar chloch choirnéil ag an tseirbhís sláinte sa Tuaisceart. I measc na réigiún san India a bhfuil spéis ar leith ag SCSTÉ ann tá Kerala mar a bhfuil coláistí leighis ar ardchaighdeán; tháinig lear mór oibrithe as an stát sin anoir.[4]
I mí Lúnasa 2024, tharla círéibeacha ciníocha i mBéal Feirste agus áiteacha eile sa Tuaisceart. Tá Ospidéal na Cathrach i mBéal Feirste buailte le Sandy Row agus Bóthar Dhún na nGall, an chomharsanacht inar bhris na círéibeacha amach.[5] Cháin eagraíochtaí na n-oibrithe sláinte (nó NICON, scátheagraíocht na seirbhíse) na hionsaithe ar lucht gnó.[4]