| ||||
Cineál | dúnmharú líonmhar | |||
---|---|---|---|---|
Cuid de | Palestinian conflict (en) agus Israeli settler violence (en) | |||
Dáta na bliana | 25 Feabhra 1994 | |||
Suíomh | Heabrón, Stát na Palaistíne | |||
Líon básanna | 29 | |||
Líon gortaithe | 125 | |||
Déantóir na coire | Baruch Goldstein | |||
Arm | raidhfil ionsaithe | |||
Ar an 25 Feabhra 1994, rinne an dochtúir Baruch Goldstein sléacht seicteach ar naonúr Palaistíneach is fiche, a bhí ag guí i Mosc Ibrahimi[1] i Heabrón.[2][3] Ach b'fhéidir gur bfhuair 50-70 bás in iomlán ar an lá sin,[4][5], agus 29-35 sna laethanta i ndiaidh na tragóide.
Bhain Goldstein cáilíocht amach mar dhochtúir san Albert Einstein College of Medicine,[6] Nua-Eabhrac. Is i Heabrón atá an choilíneacht mhíchlúiteach Kiryat Arba, áit a raibh tuairim is ocht gcéad Giúdach ag cur fúthu ag an am, agus bhí Goldstein ina chónaí ann sna 1990idí.[7]
Tá an t-ionsaí ar fad faoi fholach diamhair, fós inniu. Bhí dianslándáil i bhfeidhm sa láthair ag an am, agus an t-arm Iosraelach i mbun. Bhí Goldstein faoi éide de chuid an IDF, an t-arm Iosraelach agus raidhfil ionsaithe IMI Galil aige, rud nach raibh neamhghnách. Nuair a thosaigh an ionsaí, bhí timpeall 800 sa mhosc. Go díreach agus gan iontas, bhí slua ollmhór ann ina tháinrith. Ach thosaigh saighdiuirí eile ag scaoileadh leo, chun iarracht smut éigin de chosúlacht an oird a choinneáil, a dúirt siad, le linn an fhiosrúcháin níos déanaí.
Sna laethanta i ndiaidh na tragóide, fuair 20-26 Palaistíneach, agus 9 Giúdach, bás le linn agóidí éagsúla.[8][1]
Reáchtáladh fhiosrúchán. Bhí ceisteanna ann an raibh an tslándáil sách maith. Ar a laghad, bhí an IDF réchúiseach faoin tslándáila agus bhí droch-chliseadh slándála ann.
Is ionad oilithreachta inniu uaimh Goldstein do Ghiúdaigh áirithe.[9] Tá plaic ann in aice leis an uaimh leis an inscríbhinn, "He gave his life for the people of Israel, its Torah and land.".