Sráid Sheamlas an Éisc | ||||
---|---|---|---|---|
Suíomh | ||||
| ||||
Aitheantóir tuairisciúil | ||||
Logainm.ie | 1383601 |
Is sráid suite i mBaile Átha Cliath í Sráid Sheamlas an Éisc[1] (nó Fishamble Street).[2]
Síltear gurb í Sráid Sheamlas an Éisc an tsráid is sine i mBaile Átha Cliath. Is í an tsráid ar ar reáchtáladh an chéad taibhiú de 'Messiah' Georg Friedrich Händel i mí Aibreáin 1742, ceann de na saothair chórúla is aitheanta ar domhan. Bhí cóir ardeaglaise Ardeaglais Naomh Pádraig agus Theampall Chríost in ard a ngutha, fad is a bhí an t-orgán á sheinm ag an gcumadóir féin. Bhailigh beagnach 700 duine isteach sa Halla Ceoil. Cuireadh in iúl roimh ré gur cheart do mhná gúnaí gan fonsaí orthu a chaitheamh ionas go mbeadh dóthain spáis sa halla.
Bhí Ard-Oifig an Phoist suite ar Shráid Sheamlas an Éisc ó 1689 ar dtús. Tá an teach tábhairne Darkey Kelly’s, Sráid Sheamlas an Éisc lonnaithe ag barr na sráide.
Tá cuid den eolas seo bunaithe ar chomharthaí an Dubline.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |