Tacsanomaíocht | |
---|---|
For-ríocht | Holozoa |
Ríocht | Animalia |
Fíleam | Arthropoda |
Aicme | Arachnida |
Ord | Araneae |
Fine | Theridiidae |
Géineas | Steatoda |
Speiceas | Steatoda grossa Koch, 1838 |
San Astráil tugtar an “damhán donn tí” ar Steatoda grossa. Gnáthspéiceas é san Astraláise, i Meiriceá Thuaidh agus san Eoraip.
Tá bolg mór cruinn ar S. grossa. Tá an ceann baininscneach 6-10.5 mm ar fad, agus an ceann firinscneach beagán níos giorra. Tá dath dorcha ar S. grossa agus é idir donnchorcra agus dubh. De ghnáth tá cosa an chinn fhirinscnigh beagán níos rua ná cosa na cinn bhaininscnigh.
Is féidir leis an gceann baininscneach maireachtáil chomh fada le sé bliana, ach is annamh a mhaireann an ceann firinscneach níos faide ná bliain go leith. Is féidir leis an damhán seo teacht gan bhia ar feadh tamall maith ach uisce a bheith ar fáil.
Is féidir leis an gceann baininscneach trí shac nó os a chionn a bhreith in aghaidh na bliana, agus idir 40 agus 100 ubh i ngach sac. Bíonn an mháthair á bhfaire agus an t-ál ag ullmhú chun teacht amach. Tagann an damháiníní amach i gceann míosa tar éis bhreith an tsaic.
Ar nós ball eile den fhine Theridiidae, déanann S. grossa líon, agus braitheann sé ar chrith na dtéad chun rabhadh a fháil faoi chreach nó faoi namhaid. Níl fonn ionsaithe air, agus is nós aige teitheadh roimh ainmhí mór nó dhuine.
Is féidir le nimh an damháin seo dochar a dhéanamh do dhaoine, cé nach buan an rian a fhágtar orthu. Éiríonn spuaiceanna ar a gcraiceann agus ní bhíonn siad ar fónamh ar feadh roinnt laethanta. Tá frithnimh Latrodectus go maith chun an tinneas a leigheas.[1]