![]() ![]() | |
Tacsanomaíocht | |
---|---|
For-ríocht | Holozoa |
Ríocht | Animalia |
Fíleam | Arthropoda |
Aicme | Arachnida |
Ord | Araneae |
Fine | Theridiidae |
Géineas | Steatoda |
Speiceas | Steatoda nobilis ![]() Thorell, 1875 |
Léarscáil de raon an tacsóin | |
![]() ![]() |
Is damhán alla sa ghéineas Steatoda é Steatoda nobilis, ar a dtugtar an bhaintreach bhréagach uasal sa Ghaeilge,[1][2] mar gur minic a bhíonn iomrall aitrhne ag daoine agus meastar gur baintreach dhubh chontúirteach nó damháin alla eile sa ghéineas Latrodectus é. Is minic a thugtar an bhaintreach bhréagach air, cé gur téarma níos ginearálta é "baintreach bhréagach" a chuirtear i bhfeidhm ar ghrúpa speiceas níos leithne a bhfuil an chosúlacht sin air.[3] Damhán alla atá measartha suntasach ó thaobh an leighis de, leis an chuid is mó de ghreamanna mar thoradh air comharthaí cosúil le cealg bheiche nó fhoiche.[4] D’fhéadfadh go ndéanfadh roinnt greamanna dochar níos suntasaí, go páirteach de bharr baictéar pataigineach ó na damháin alla.[5][6]