Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1647 |
Bás | 1733 85/86 bliana d'aois |
Faisnéis phearsanta | |
Idé-eolaíocht pholaitíochta | Seacaibíteachas |
Gníomhaíocht | |
Gairm | file |
Teangacha | An Ghaeilge |
Ba mhórfhile é Séamas Dall Mac Cuarta (t. 1647 – 1733) sa 17ú agus sa 18ú haois a bhain le lucht Oirialla.[1] Mar aon lena chomharsana Peadar Ó Doirnín, Art Mac Cumhaigh agus Cathal Buí Mac Giolla Ghunna, ba dhlúthchuid é Mac Cuarta de thraidisiún Oirialla na filíochta is na n-amhrán.