Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | Contae Chorcaí |
Gníomhaíocht | |
Gairm | aisteoir, scríbhneoir |
Suíomh gréasáin | taraflynn.ie |
|
Is aisteoir agus scríbhneoir Éireannach í Tara Flynn, iomráiteach le haghaidh a saothar grinn agus a cuid oibre mar gníomhaí.
Scríobh Flynn trí leabhair: You're Grand: The Irishwoman's Secret Guide to Life, Giving Out Yards: The Art of Complaint, Irish Style and Rage-In: Trolls and Tribulations of Modern Life [1]
Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí den ghrúpa amhránaíocht grinn 'The Nualas'.[2][3]
Tá sí ina guthóir agus ghlac sí páirt an guth Molly sa chlár RTÉ 'The Morbegs'.[4][5]
Úsáideann sí aoir le haghaidh gníomhaíochta, rud atá le feiceáil ina sceitsí YouTube, mar shampla 'Racist B&B', 'Armagayddon' agus 'The Case for Mammy / Daddy Marriage'.
In 2015, mar chuid d'fheachtas Amnesty International Ireland 'She is not a Criminal', labhair sí go poiblí don chéad uair faoina turas chun na hÍsiltíre le haghaidh ginmhilleadh a fháil (tá ginmhilleadh mídhleathach faoi láthair in Éirinn i mbeagnach gach cás). Ó sin, tá sí ina feachtasóir glórach do chearta atáirgthe agus aisghairm an t8ú leasú in Éirinn.
In 2017, rinne Flynn an guthú ar athleagan Blind Date ar TV3.[6][7] Ghlac sí leis an ról a bhí déanta ag Graham Sidmore sa bhunchlár sna 1980í.