Teach Bhaile an Chaisleáin | ||||
---|---|---|---|---|
Lipéad sa teanga dhúchais | (en) Castletown House | |||
Sonraí | ||||
Cineál | Músaem agus stately home (en) | |||
Ailtire | Alessandro Galilei Edward Lovett Pearce | |||
Tréith | ||||
Stíl ailtireachta | Pallaidiachas | |||
Stórtha os cionn talún | 3 | |||
Líon ardaitheoirí | 1 | |||
Suíomh geografach | ||||
Limistéar riaracháin | Cill Droichid, Éire | |||
| ||||
Gníomhaíocht | ||||
Úinéir | Oifig na nOibreacha Poiblí | |||
Teach mór Pallaidiach i gCill Droichid, Contae Chill Dara is ea Teach Bhaile an Chaisleáin.
Tógadh an teach thart ar an mbliain 1722 do William Conolly, Spéicéir Theach na dTeachtaí in Éirinn, agus rinne roinnt ailtirí mór le rá é a dhearadh. Bhí sé i gceist gur léiriú a bheadh ann ar an gcumhacht a bhí ag Conolly agus go mbeadh sé mar ionad chun siamsaíocht ar mhórscála a chur ar fáil do pholaiteoirí. Nuair a tógadh Baile an Chaisleáin, bhí tráchtairí ag súil ‘go mbeadh sé mar eiseamláir den Ríocht, agus de na rudaí annamha go léir a bhí ar a hacmhainn’.