Teach Farmleigh | ||||
---|---|---|---|---|
Sonraí | ||||
Cineál | Struchtúr ailtireachta agus eagraíocht | |||
Suíomh geografach | ||||
Limistéar riaracháin | Caisleán Cnucha, Éire | |||
| ||||
Gníomhaíocht | ||||
Úinéir | Rialtais na hÉireann | |||
Suíomh gréasáin oifigiúil | farmleigh.ie | |||
An t-áras fáiltithe Stáit is ea Teach Farmleigh, nó Teach Bhán na Feirme,[1][2] buailte ar Áras an Uachtaráin i bPáirc an Fhionnuisce.
Tógadh Farmleigh ag deireadh an ochtú haois déag ach rinneadh é a athdhearadh ó bhonn sna 1880-1890idí.
Cheannaigh Edward Cecil Guinness Farmleigh sa bhliain 1873. Tugadh faoin gcéad mhórchlár tógála sa tréimhse 1881-84 de réir dhearaí James Franklin Fuller (1832-1925), ailtire Éireannach, a shín an teach níos faide siar, a d’athchóirigh an teach a bhí ann cheana, agus a chuir tríú stór leis an teach. Cuireadh sciathán an Bhálseomra leis an teach sa bhliain 1896, rud ar dhear William Young (1843-1900), ailtire Albanach, é.[3]
Tar éis grianán nua a chur isteach in aice leis an mBálseomra sa bhliain 1901, ba ag Teach Farmleigh, faoi na luathbhlianta den fhichiú haois, a bhí na nithe uile a bhí de dhíth le haghaidh maireachtáil mhaorga agus siamsaíocht stíliúil. Is le heicléicteachas an mhaisiúcháin intí a bhaineann mórdhraíocht an Tí, agus stíleanna de chineál clasaiceach, Seacaibíneach, Louis XV, Louis XVI agus Seoirseach le fáil ann.[3]