De réir an traidisiúin Ghiúdaigh (mar a thaifeadtar sna midrashim) agus de réir roinnt Críostaithe freisin, is í teanga Ádhaimh an teanga a labhair Ádhamh (agus b’fhéidir Éabha chomh maith) i nGairdín Pharthais. Tuigtear í mar an teanga a d’úsáid Dia nuair a labhair sé le hÁdhamh (an teanga dhiaga), nó b'fhéidir mar an teanga a chruthaigh Ádhamh chun ainmneacha a thabhairt “ar gach dúil bheo” (Gein. 2:19).
Sa Mheánaois, mhaígh tráchtairí Giúdacha éagsúla gur labhair Ádhamh an Eabhrais, dearcadh a phléigh an file Iodálach Dante Alighieri freisin. Chíor roinnt údar an cheist sa Nua-Aois Luath freisin; lean cuid acu leis an tuairim gur Eabhrais a bhí ann, ach bhí daoine eile, mar shampla John Locke agus Robert Boyle, in amhras.
De réir thraidisiúin na hAetóipe agus na hEiritré, ba í Ge'ez, an teanga Sheimíteach ársa, teanga Ádhaimh.[1]
Maíodh freisin gurbh í Gaeilge nó Gaeilge na hAlban an teanga a labhraíodh i nGairdín Pharthais. Cuireadh an teoiric seo chun cinn sa 19ú haois i leabhar i nGaeilge na hAlban dar teideal Adhamh agus Eubh, no Craobh Sheanachais nan Gàël (1837).[2][3]