Córas chun clár físe a aistriú ina scannán reatha. De bhrí nach bhfuil ach eatramh gairid idir frámaí leanúnacha físe, is gá ceamara scannáin le gluaiseacht an-tapa chun gach fráma scoite a ghabháil. De ghnáth ní róshásúil fótagrafaíocht dhíreach den teilifíseán daite scáthmhaisc, agus de rogha úsáidtear córas le trí scáileán gha-chatóideacha chun an trí íomhá de na comhdhathanna — dearg, glas is gorm — a theilgean ar mhodh optúil ar an scannán sa cheamara. Nuair a bhíonn clár ardghéire i gceist, uaireanta taifeadtar an 3 dheighilt dhaite i ndiaidh a chéile ar scannán dubh is geal, agus níos déanaí déantar iad a mheascadh chun claonchló daite a tháirgeadh. I modh eile modhnaítear trí léasar — dearg, glas is gorm — leis an bhfíschomhartha, agus measctar na léasacha le córas scáthán optúil rothlaithe chun íomhá dhaite gach fráma a scanadh go díreach ar an scannán fótagrafach claonchló, líne i ndiaidh líne, fráma i ndiaidh fráma.[1]
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |