URL | https://electronicintifada.net/ |
---|---|
Cineál | suíomh gréasáin, eagraíocht neamhbhrabúis agus nuachtán ar líne |
Príomhábhar | Israeli–Palestinian conflict (en) |
Teanga | Béarla |
Cruthaitheoir | Ali Abunimah agus Arjan El Fassed |
Cur i seirbhís | 2001 |
Ceanncheathrú | Chicago |
Tír | Stáit Aontaithe Mheiriceá |
Is foilseachán ar líne bunaithe i Chicago [1] é The Electronic Intifada (EI) a chlúdaíonn an choimhlint idir na hIosraelaigh agus muintir na Palaistíne. Déanann an foilseachán cur síos air féin mar eagraíocht neamhbhrabúis, neamhspleách, agus cuireann sé peirspictíocht Phalaistíneach ar fáil.
Bhunaigh na daoine a leanas an iris EI i mí Feabhra 2001; Ali Abunimah, saoránach Meiriceánach de bhunadh na Palaistíne; Arjan El Fassed, gníomhaí ar son chearta an duine atá lonnaithe san Ísiltír; Laurie King, antraipeolaí agus iar-chomhordaitheoir an Fheachtais Idirnáisiúnta um Cheartas d'íospartaigh de 'Shabra agus Shatila', agus eagarthóir bainistíochta na hirise Journal of Palestine Studies in Washington; agus Nigel Parry, comhairleoir Idirlín eicléictiúil, scríbhneoir agus ceoltóir atá lonnaithe in bPittsburgh faoi láthair.