Timo K. Mukka

Infotaula de personaTimo K. Mukka

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(fi) Timo Kustaa Mukka Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith17 Nollaig 1944
Bollnäs, An tSualainn Cuir in eagar ar Wikidata
Bás27 Márta 1973
28 bliana d'aois
Rovaniemi, An Fhionlainn Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síAcademy of Fine Arts of Helsinki (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmpéintéir, file, scríbhneoir, scríbhneoir scripte Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Fhionlainnis
Saothar
Saothar suntasach
Gradam a fuarthas

Suíomh gréasáinkirjasto.sci.fi… Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm0611602 TMDB.org: 1532541
Musicbrainz: d4630a28-b354-48fc-a052-fd3405943271 Discogs: 1117030 Cuir in eagar ar Wikidata

Úrscéalaí agus gearrscéalaí Fionlannach a bhí i Timo Kustaa Mukka (17 Nollaig 1944 – 27 Márta 1973) a scríobhadh faoi shaol na ndaoine sa Laplainn .

Rugadh Timo Mukka i mBollnäs sa tSualainn áit a raibh a theaghlach aslonnaithe le linn Chogadh na Laplainne. Chaith sé a óige i sráidbhaile Orajärvi i mbardas Pello i dtuaisceart na Fionlainne. Den chuid is mó, bhí Críostaithe de lucht leanúna Lars Levi Laestadius agus Cumannaigh ina gcónaí sa sráidbhaile, rud a chuaigh i bhfeidhm ar shaoldearcadh Mhukka mar a bhí sé á fhorbairt. Bhí idir thréimhse Chríostaí agus tréimhse Chumannach aige nuair a bhí sé óg

Nuair a bhí sé trí bliana déag d'aois, tholg sé fiabhras inchinne (meiningíteas) agus cé gur tháinig sé slán ón ngalar, bhíodh tinneas cinn trom á fhulaingt aige as seo go ceann ceithre bliana. Le linn an ama sin d'athraigh a phearsantacht ó bhonn agus rinne sé iarracht fiú lámh a chur ina bhás féin.

Gairm bheatha an scríbhneora agus deireadh a shaoil

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thosaigh sé ag scríobh agus gan é ach trí bliana déag d'aois, agus ní raibh fiche bliain slánaithe aige nuair a bhí a chéad úrscéal, “Maa on syntinen laulu” (Gaeilge: "Is amhrán peacach é an talamh"), le feiceáil i gcló. Rinne sé cur síos ar an mbochtaineacht sa Laplainn chomh maith le peirspictíochtaí cúnga a mhuintire, agus mar sin, ba lú an aird a bhí ag a chomharsana ar a chuid saothar ná ar an bhfear féin. [1] Bhí a chuid scéalta ar maos le grá collaí rud a bhain stangadh as na léitheoirí, go háirithe toisc go raibh díograis an chreidimh agus ragús na collaíochta fite fuaite le chéile sa chur síos a thug sé ar shaol na Laplainne. Is é an grá collaí inneall an scéil i gcuid mhaith dár scríobh sé.

Rinne sé staidéar i scoil ealaíontóireachta i Heilsincí, i bhfad ó bhólaí a dhúchais, nó bhí féith ealaíontóireachta ann chomh maith leis an scríbhneoireacht. Sa scoil sin a casadh a bhean chéile, Tuula, air an chéad uair, agus phós siad sa bhliain 1964.

Sa chéad bhliain eile d'fhoilsigh Mukka dhá leabhar: an bailiúchán gearrscéalta Tabu ("An Gheis") agus an t-úrscéal Täältä jostakin ("Ón áit éigin seo"). Bhí Mukka tar éis seal a chaitheamh ina shaighdiúir, ó bhí an coinscríobh éigeantach i bhfeidhm san Fhionlainn san am, ach ní dheachaigh an tréimhse sin ach chun dochair dó, rud is léir ón úrscéal. Ní raibh na léirmheastóirí in ann mórán ciall a bhaint as na leabhair: thug siad aitheantas do sciliúlacht an scríbhneora, ach san am chéanna is é an meas a bhí acu ar Mhukka go raibh saol a smaointí sách primitíbheach. Go bunúsach dhearc siad air mar dhuine fiáin ón gCian-Tuaisceart.

Sa bhliain 1967 bronnadh duais litríochta an stáit ar Mhukka. Ba mhór an spreagadh é chun tuilleadh scríbhneoireachta a dhéanamh, agus go gairid ina dhiaidh sin d'fhoilsigh Mukka a sheandíolaim filíonta, Punaista ("Dearg") nár ghlac aon teach foilsitheoireachta leis roimhe sin, chomh maith leis an úrscéal Laulu Sipirjan lapsista ("An tAmhrán faoi Chlann Sipirja") agus an bailiúchán gearrscéalta Koiran kuolema ("Bás an Mhadra"). Thaitin Laulu Sipirjan lapsista go mór leis na léirmheastóirí, ach ní raibh siad chomh sásta céanna leis na dánta i bPunaista. Maidir leis na gearrscéalta, ní raibh Mukka féin chomh sásta leo is mar a bhí na léirmheastóirí.

Na leabhair dheireanacha a tháinig ó pheann Mhukka ba iad Kyyhky ja unikko ("An Colúr agus an Poipín"), Ja kesän heinä kuolee ("Agus féar an tsamhraidh ag fáil bháis") agus Lumen pelko ("An Eagla roimh an Sneachta"). Is í gairm an scríbhneora agus na deacrachtaí a bhaineann léi is téama don leabhar Kun kesän heinä kuolee. Gearrscéalta atá sa leabhar Lumen pelko, agus is úrscéal é Kyyhky ja unikko.

Fuair Mukka bás de thaom croí gan é ach ocht mbliana is fiche d'aois. Roimhe sin bhi feachtas clúmhillte ar siúl ag an iris chaidéise Hymy in aghaidh Mhukka, agus glactar leis gur chuir feachtas na hirise leis an drochshláinte a mharaigh an scríbhneoir.

D'fhág Mukka oidhreacht shaibhir liteartha, cúpla úrscéal i measc an ábhair eile, agus sa bhliain 2010 cuireadh díolaim den ábhar seo i gcló mar fhoilseachán iarbháis.