Cineál | carachtar miotasach |
---|---|
Comhthéacs | |
Cruinne | miotaseolaíocht na gCeilteach |
Dáta | |
Inscne | baineann |
Slí bheatha | draoi |
Muintir | |
Athair | Mogh Rotha |
I miotaseolaíocht na nGael, bandraoi cumhachtach ba ea Tlachta (Sean-Ghaeilge: Tlachtga). Bhí baint ar leith aici le Cnoc Tlachta, áit a mbíodh féilte suntasacha ina honóir.
De réir seanscéil, ba í Tlachta iníon rua an draoi Mogh Rotha. Shiúil sí an domhan ina theannta ag foghlaim a rúin draíochta, agus tháinig sí ar chlocha naofa san Iodáil.
D'éignigh trí mhac an draoi Síomón Draíodóir, múinteoir a hathar, í. D'fhill sí ar Éirinn, áit ar rugadh triúr clainne di darbh ainm Cumma, Doirbh agus Muach, agus athair ar leith ag gach duine acu. Rugadh iad ar an gcnoc a mbeadh ainm a máthar air feasta. Is minic scéal úd an triúir le fáil i seanscéalta na hÉireann, agus chuirfeadh an bás a fuair Tlachta de bhrón agus an dún a tógadh ar a huaigh scéal Mhacha i gcuimhne duit.
Tá Cnoc Tlachta suite i gContae na Mí, agus bhí a chuid deasghnáth inchomórtais le deasghnátha Thailtean. Ní raibh aon ócáid ba mhó ná lasadh na dtinte ann Oíche Shamhna.
Tógadh ráth are an gcnoc agus baint aige le ríthe na Mí agus na Mumhan. Bhíodh clú ar an áit mar gur ann a chonacthas roth rámhach Mhogh Rotha agus go ndearna Ard-Rí na hÉireann, Ruairí Ó Conchúir, tionól mór ann in 1168.