Is éard is tomhaltas uasta ocsaigine (Béarla: vo2 max) ann ná an méid ocsaigine is féidir a úsáid i rith barr-aclaíochta.[1] An meánleibhéal a bheadh ag duine nach gcleachtann spórt ná 35 ml/kg/nóim. 70 ml/kg/nóim a bheadh ag lúthchleasaithe proifisiúnta, agus tá samplaí chomh hard le 85 ml/kg/nóim measta i gcás rothaithe gairmiúla.