Trasfhreagróir

Trasfhreagróir ar eitleán Cessna

Is é is trasfhreagróir[1] ann ná gléas leictreonach a úsáidtear sa teileachumarsáid le freagra uathoibríoch a thabhairt do chomhartha réamhshocraithe. Go háirithe, tugtar trasfhreagróir ar ghléas atá ar bhord ar an eitleán, agus é ag freagairt ar an bhfiosrú a thagann ó stáisiún raidió an aerfoirt. An freagra a thugann an trasfhreagróir, is cuidiú é d'fhoireann an aerfoirt an t-eitleán a aimsiú agus an t-eolas riachtanach a thabhairt don eitleoir leis an eitleán a threorú.

  1. “trasfhreagróir” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-03-15.