I nÉirinn na nGael, bunaonad polaitiúil agus dlínsiúil as ea an túath.[1] D'fhéadfaí túath a thabhairt ar an gcríoch nó ar an bpobal atá ina gcónaí inti.
D'fhéadfadh sé go dtagann an focal ón bPrótai-Ceiltis *toutā ("cine, tír dúchais"), a thagann ón bPrótai-Ind-Eorpais *tewtéh₂ ("finíoch"). Faightear fréamh ghaolmhar i n-ainm dhia na nGallach, Toutatis.
Sa Nua-Ghaeilge, litrítear an focal gan an síneadh fada, tuath, faoin tuath, muintir na tuaithe, ⁊rl; tuigtear fós an chiall stairiúil, ámh.[2]
I nÉirinn ársa, bhíodh tuairim is 30 duine san áireamh i dteaghlach amháin. Achar le céad teaghlach ba ea tríocha céad, 'sé sin tuairim is 3,000 duine. Roinnt tríocha céad chomhghuaillithe ba ea túath, mar sin ní níos lú ná 6,000 duine. Is amhlaidh ámh gurb uimhir níos cruinne le haghaidh tuatha é ní níos lú ná 9,000 duine.[3]
Aonad as féin ab ea gach túath, le feidhmeannas, tionól, breithimh agus arm cosanta dá chuid féin aige. Nascadh na túatha le cruinne i gcónaidhmeanna cosanta. Bhí cliarlathas tuath ann, ag brath ar shuíomh tíreolaíochta agus gaol le rítheaghlach na háite.[4] Pléadh eagrú na dtuath i nDlíthe na mBreithiúna, scríofa sa 7ú haois.[5]
Athraíodh an seanchóras polaitiúil in Éirinn le linn agus tar éis Choncas na dTúdarach, curtha as áit de réir a chéile le córas barúntachta agus contaetha. De bharr easpa eolais, táthar i mearbhall anois i dtaca leis seanaonaid na gcríoch, go háirithe idir trícha cét agus túatha. I roinnt cásanna, is amhlaidh gurb ionann iad, in eile, ní hiad.[6]
Molann roinnt scoláirí gurb ionann an túath agus an paróiste mar atá inniu ann, ach molann eile gurb ionann é agus an bharúntacht. Braitheann sé seo ar an slí ar tugadh an dúiche isteach sa chóras chontaetha. Faoin gcóras Géilleadh agus Athbhronnadh, is sách mhaith é an t-ailíniú idir an túath agus an bharúntacht, ach i gcás choilíniú agus choigistiú talún, mar a tharla i gcúige Uladh, ní furasta é na bunteorainneacha a dhéanamh amach, nó fiú a athaimsiú.[6]