| ||||
Cineál | tubaiste ar muir ![]() | |||
---|---|---|---|---|
Dáta na bliana | 24 Samhain 2021 ![]() | |||
Líon básanna | 27 ![]() | |||
Líon ar iarraidh | 1 ![]() | |||
Líon na marthanóirí | 2 ![]() | |||
Tharla Tubaiste i Muir nIocht ar 24 Samhain 2021 nuair a báthadh 27 duine - imircigh ó thíortha éagsúla - agus iad ag iarraidh dul trasna na farraige idir an Fhrainc agus Sasana. Tugadh triúr ón uisce agus iad fós ina mbeatha.[1]
Géarchéim gan réiteach ba ea líon na n-imirceach, as an Domhan Thoir den chuid is mó, a bhí ag iarraidh teacht chun na Breataine ón bhFrainc i mbáid bheaga gach aon lá sna 2020idí.[1]
Áirítear gur éirigh le thart ar 25,000 duine an turas farraige a dhéanamh sa bhliain 2021 agus go mb'éigean do na seirbhísí éigeandála beagnach 8,000 eile a tharrtháil.
Ar 24 Samhain 2021, chuaigh an bád ina raibh na teifigh faoi i Muir nIocht amach ó chalafort Dover. Ghlaoigh na teifigh go leor uaireanta ar na seirbhísí éigeandála sa Fhrainc agus sa Bhreatain ar feadh roinnt uair an chloig. Ach níor tugadh aird ar bith ar a n-iarratas.[2][3][4] Ní raibh na teifigh i bhfad ó uiscí teorann na Breataine sula ndeachaigh an bád go tóin poill.
Ba chuma leis na seirbhísí éigeandála sa sioc faoin drochbhail a bhí ar na teifigh ... cuireadh mórfhaillí ina leith níos déanaí.[5]
Iascaire a chuir fios ar na húdaráis faoi dheireadh nuair a chonaic sé coirp ar barr uisce.
Dúirt na polaiteoirí go léir gur tragóid a bhí ann agus dúirt gur lucht gáinneála ar dhaoine a bhí freagrach as. Ach bhí an eachtra ina údar mór aighnis idir an Fhrainc agus an Bhreatain. Chuir an dá thaobh i leith a chéile nach bhfuil siad ag déanamh a ndíchill leis an gceist a fhuascailt.[1][6]