Bardchlann léinn ba ea Uí Dhálaigh, a tháinig chun cinn sa 12ú haois, nuair a dúradh gurbh é Cú Chonnacht an chéad Ard-Ollamh Éireann i bhfilíocht.
Ní soiléir é sanas an ainm Dálach, ach meastar go bhfuil sé gaolmhar leis an bhfocal dáil, agus más fíor, comhairleoir atá i gceist.[2]
De réir na dtaifead is luaite, bhí an chlann lonnaithe i ndúiche Tethba (Teafa), sa bharúntacht mar atá inniu ann Maigh Asail agus Machaire Ó dTiarnáin, Contae na hIarmhí. Glaodh Corca Adaimh ar an gclann shinseartha, de shliocht may a maíodh de mhac le Níall Noígíallach, (Ardrí na hÉireann c. 400) via Máel Dúin mac Máele Fithrich de Chineál Mhic Earca, rí Ailigh. I measc mac le Maol Dúin, bhí an tArdrí Fearghal agus Adamh, sinsear Uí Dhálaigh trína fhionnó, Dálach.[3]
Is é Eógan mac Néill an pearsa a bhfuil an fhianaise is mó ann dó a bheith ina shinsear Uí Dhálaigh. Más fíor, de shliocht Chineál Eoghain, Uí Néill an Tuaiscirt, is ea iad. Cuirtear an chlann scaití ámh le hUíbh Mhaine, Uí Néill an Deiscirt (ní Uí Maine na gConnacht) agus mar fíor san, de shliocht descended from Máine Tethbae is ea iad. Is amhrasach é ar mhac le Niall Naoighiallach é siúd (féach Uí Dhuibhgeannáin). B'fhéidir é gur tugadh an sinsearacht seo dóibh as ucht a chuid críoch sa cheantar úd, Tethba.
Tá foinse amháin ann a mhaíonn gur mac le Maol Dúin mac Fearghail mhic Mhaoil Dúin eile é Adamh.
Seo a leanas an ginealach as Leabhar Ghinealaigh Uí Chléirigh:[4]
Bhí Gofraidh Fionn Ó Dálaigh den tuairim go raibh gaol ag chlann le Dálach den 6ú haois, dalta an naoimh agus an fhile, Colmán Chluana. Deirtear go ndearnadh easpag de Dhálach.[5]
Tá sinsearacht ar leith tugtha don chlann Uí Dhálaigh a lonnaigh sa Mhumhain. De shliocht na nEoghanacht, ríthe Chaisil, atáid ann, go háirithe Aonghas, a baisteadh ag Naomh &Pádraig.[6] Is amhlaidh gur bréagstair é seo, áfach, chun an bhardchlann a nascadh lena tiarnaí áitiúla.