Dream Gaelach is ea Uí Fhlaithbheartaigh/Uí Fhlaithearta (Meán-GhaeilgeUa Flaithbertach), lonnaithe i gContae na Gaillimhe an lá atá inniu ann. Bunaíodh an chlann sa 10ú haois, ainmnithe as Flaithbheartach mac Eimhin.
Géag de Muintir Mhurchadha is ea Uí Fhlaithbheartaigh. Ainmnithe as Murchad mac Máenaigh (bás 891), rí Uí Bhriúin Seola is ea an mhuintir. Ar ceann desna ríthe luaite atá luaite sa cheantar is ea Murchadh. Ghabh an teaghlach is cumhachtaí na muintire an sloinne Ó Flaithbheartaigh/Ó Flaithearta ón 11ú haois ar aghaidh.
Athair Bhéibinne ba ea Urchadh. Banfhlaith Uí Bhriúin Seóla agus banríon Tuamhain (beo luath-10ú haois) ba ea í. Phós Béibhinn le Cinnéide mac Lorcáin as Tuamhain, agus bhí mac acu, Brian Bóramha (c. 941 – 23 Aibreán 1014), Ardrí na hÉireann. Bhris Brian an smacht a bhí ag clann Uí Néill ar an ardríogacht agus throid sé chun Éire a aontú faoi rí dúchais amháin.
Bhí beirt deirfiúracha ag Béibhinn: Creassa, bean chéile Taidhg mhic Cathail; agus Caineach, bean chéile shinsear Chlann Choscraigh Uí Bhriúin Seola. Tháinig a deartháir, Donnchadh, i gcomharbacht ar a n-athair mar rí Mhaigh Sheola (943–959).
Ba é Muireadhach ua Flaithbheartaigh, rí Mhaigh Sheola (bás 1034) an chéad duine i gcúige Chonnacht a ghlac an t-ainm an sloinne. Bhí triúr mac ag Muireadhach: Ruairí Loch Cimbe, Donnachadh Álainn agus Aodh. Bhí Ruairí agus Donnchadh beirt ina sinsir Uí Fhlaithbheartaigh Thoir agus Thiar i gConamara.
Maidhm Glinne Pattraicc ria n-Aodh Ua Conchobhair for Iarthair Connacht, in ro mudhaighith ile im Ruaidhri Ua Flaithbheartaigh, tigherna Iarthair Connacht, & ro dicendadh é, & ruccadh a ceann co Cruachain Chonnacht iar sraoineadh for mac Aodha mic Ruaidhri.
Maidhm Ghleann Phádraig ag Aodh Ó Conchúir ar Iarthair Connacht, inár maraíodh uile, Ruairi Ó Flaithbheartaigh, tiarna Iar-Chonnacht ina measc, agus baineadh a cheann de agus tógadh a cheann go Cruachain Chonnacht, tar éis do mhac Aodha mhic Ruairí bheith sraonta.
An bhliain dár gcionn, deirtear gur maraíodh Tadhg mac Aodha Ó Conchúir, ag mac Aodha mhic Ruairí (.i. Uí Fhlaithbheartaigh), agus fir Iar-Chonnacht. As seo amach, chuir ríthe na gConnacht an ruaig ar an gclann as a háit dúchais agus i nIar Chonnacht isteach.
Roimh dheireadh na 13ú haois, bhí clann Uí Fhlaithbheartaigh i gceannas ar críocha fho léir Iar Chonnacht, leata ó bhruacha thiar Loch Coirib go dtí an t-aigéan Atlantach. Sna 1230í, tháinig na Normannach go hÉirinn agus ghabh siad cathair na Gaillimhe. Cuireadh cosc ar na Gaeil buaileadh isteach gan srian sa chathair.
B'fhéidir gur spreagadh seo as an rann céanna san Aeneid le Virgil.
Feictear ar armas Uí Fhlaithbheartaigh:
"dhá laghairt nó dhragan dearga ina gcolgsheasamh ag troid, ag tacaíocht lámh dhearg dheas, nasctha ag caol na lámh, ar bun nár dubh ocht-rámha.
Go minic, measctar na laghairteanna le leoin i nósanna araltais Shasana heraldic. Feictear go minic salamandar glas (liath nó uaithne) ar clogad dubh is cionn an armais.
Níl a lán ar eolas faoi nósanna araltais na nGael, cé go ndéantar trácht ar brait agus meirgí catha ar leith i n-annála Éireann amhail is Annála na gCeithre Máistrí.