Ríshliocht na Laighean ba ea Uí Mháil[1] (níos sine Uí Máil). Síolraithe ó Mháine Mál, deartháir an ard-rí seanscéalaigh, Cathair Mór, ba ea iad.
Bhí muintir Uí Mháil i gceannas i Laighin sa 7ú haois, sular chuir Uí Dúnlainge an ruaig orthu. Chúlaigh siad soir ó mhaigh na Life san 8ú haois, agus lonnaigh siad feadh bhunchnoc thiar de Shléibhte Chill Mhantáin. Is amhlaidh go raibh Gleann Ó Máil, a raibh ainmnithe astu, croílár a gcuid cumhachta.[2]
D'fhéadfadh é go bhfuil brí "uasal" le Mál.[3] I dteannta le seo, bhí acu roinnt rudaí a raibh thábhacht shiombalach ag baint leo ó thaobh ríogacht na Laigean. Molann seo uile gur cheannairí dlisteanacha na Laigean iad, ar a laghad dá dtuairim féin.
Seo a leanas ríthe Laighean de chuid Ui Mháil:[4]