Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | (en) Victoria Hart 1988 35/36 bliana d'aois |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Stony Brook |
Céim acadúil | Máistir sa Cheol |
Gníomhaíocht | |
Gairm | matamaiticeoir, cruthaitheoir YouTube, cumadóir, léiritheoir teilifíse |
Fostóir | Khan Academy |
Ball de | |
Teangacha | Béarla |
Teaghlach | |
Athair | George Hart |
Suíomh gréasáin | vihart.com |
Is “recreational mathemusician” (matamaiticeoltóir fóillíochta) í Victoria Hart, nó Vi Hart.[1] Tá cáil ar a cuid físeán matamaitice ar YouTube agus tá níos mó ná 1,200,000 síntiúsóir aici.[2]
Is iníon le George W. Hart í, "dealbhóir matamaiticiúil". Rinne sí céim sa cheol in Ollscoil Stony Brook, Nua-Eabhrac. Fad is í ag cruthú físeáin matamaitice, rinne sí comhscríobh ar roinnt páipéar matamaitice ar an ngeoiméadracht ríomhaireachtúil agus ar an matamaitic a bhaineann le filleadh páipéir.[3]
Fuair Vi Hart tacaíocht ó Khan Academy agus rinne sí físeáin oideachasúla ar an suíomh mar “resident mathemusician” (matamaiticeoltóir cónaitheach).[4] Faoi láthair, oibríonn sí don grúpa taighde eleVR ag cruthú físeáin réaltachta fíorúla in éineacht le Andrea Hawksley agus Emily Eifler.[5] D’oibrigh sí ar chluichí ríomhaire oideachasúla, mar shampla The Parable of the Polygons le Nicky Case.[6]