Ainm sa teanga dhúchais | (hy) Վիկտորիա Աղանուր-Բոմբիլի |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | (hy) Վիտորիա Աղանուրյան 26 Bealtaine 1855 Padua |
Bás | 8 Bealtaine 1910 54 bliana d'aois an Róimh |
Siocair bháis | Bás nádúrtha (Ailse) |
Faisnéis phearsanta | |
Grúpa eitneach | Airméanaigh |
Áit chónaithe | Napoli |
Gníomhaíocht | |
Gairm | file |
Seánra | Filíocht |
Teangacha | An Airméinis agus an Iodáilis |
Saothar | |
Saothar suntasach
| |
File Iodálach ba ea Vittoria Aganoor (26 Bealtaine 1855 – 8 Bealtaine 1910). Ba de shliocht uasal Airméanach a chuir fúthu san Iodáil í.
Ba í an cúigiú hiníon den Chunta Edoardo Aganoor agus de Giuseppina Pacini í, agus chaith sí a hóige i bPadova, cé gur aistrigh an teaghlach go dtí an Veinéis ina dhiaidh sin. Bhí aithne acu ar a lán scríbhneoirí.
Lean ar Vittoria ag caitheamh tréimhsí fada i bPadova chun staidéar a dhéanamh, agus sa bhliain 1876 d'aistrigh an teaghlach go Napoli, áit a bhfuair sí eolas ar údair eachtrannacha. Chuaigh bás a hathar i bhfeidhm go mór uirthi, agus is gearr gur fhill sí ar Veinéis, timpeall na bliana 1890. Scríobhadh sí chun na manach Airméanach ar an Isola di San Lazzaro (Oileán San Lazaras) ag Veinéis, dream a raibh caidreamh mór ag a hathair, fear an-chráifeach, orthu. Baineann a lán litreacha dá cuid leis an tréimhse seo agus léiriú iontu ar a saol intleachtúil, léiriú atá le fáil freisin sna dánta a d'fhoilsigh sí ar na hirisí.
Cé go raibh cuma shéimh uirthi, cheil sin meon lionndubhach sobhuartha, rud a nochtadh i gcuid dá dánta agus iad ag caint ar easpa comhthuisceana agus ar a bheith ag tnúth leis an mbás. Ar feadh i bhfad thug sí aire dá máthair agus an-chion aici uirthi, ach sa bhliain 1899 lig a bás siúd di dul i mbun saol neamhspleách.
Thosaigh sí ag cumadh filíochta agus í an-óg, ach b'áil léi a saothar a thabhairt chun foirfeachta, agus ar dtús ba dá lucht aitheantais amháin a thaispeáin sí a saothar, mar bhíodh sí féin agus a lán údar aitheanta ag scríobh chun a chéile. Tháinig clú uirthi mar fhile uasalaicmeach foscúil nuair a thosaigh sí ag foilsiú dánta ar na hirisí. In aois a cúig bliana is dhá scór a bhí sí nuair a chuir sí amach Leggenda eterna (1900), a céad leabhar, rud a rinne sí, mórán, de bharr ghríosú a cairde.
Tháinig meas uirthi mar fhile úr spontáineach (b'in an meas a bhí ag Benedetto Croce uirthi, mar shampla) ach dúirt Vittoria féin nach ó chroí a chumadh sí ach leis an gceann.
Ba é an cúram ba mheasa léi a bheith páirteach i gcuideachta uasalaicmeach a linne, agus fonn uirthi fear a phósadh a ligfeadh di a hintleacht agus a cion a chur in iúl. Ar 28 Samhain 1901 phós sí Guido Pompilj, polaiteoir de chuid na haicme uaisle, agus chaith siad cuid mhaith dá saol i bPerugia.
Ar 9 Aibreán 1910 chuaigh sí faoi scian sa Roímh, chun ailse a leigheas, is dócha, ach cailleadh go tobann í. Chuaigh seo go han-dona do Guido, a chuir caoi ar ghnóthaí an teaghlaigh gan mhoill agus a chuir lámh ina bhás féin le piléar.